|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Toirmiscfear allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascán mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear dramhaíl mhearcair ó fhoinsí móra dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 11, le haghaidh úsáidí eile seachas diúscairt mar dhramhaíl. Ní cheadófar allmhairiú do dhiúscairt den sórt sin mar dhramhaíl ach amháin i gcás nach bhfuil aon rochtain ag an tír onnmhairithe ar an acmhainn comhshó atá laistigh dá chríoch féin. Gan dochar d'Airteagal 11 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den Airteagal seo, déanfar allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascain mhearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh úsáid a cheadaítear i mBallstát a cheadú i gcás ina mbeidh a thoiliú i scríbhinn tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don allmhairiú i gceachtar de na himthosca seo a leanas:
(a)
tá an tír onnmhairithe ina Pháirtí sa Choinbhinsiún agus ní eascraíonn mearcair onnmhairithe ó mhianadóireacht phríomha mearcair mar a thoirmisctear faoi Airteagal 3(3) agus (4), den Choinbhinsiún sin; nó
(b)
thug an tír onnmhairithe nach bhfuil ina Páirtí don Choinbhinsiún deimhniú nach n-eascraíonn mearcair ó mhianadóireacht phríomha mearcair. Gan dochar d'aon bearta náisiúnta a ghlactar i gcomhréir le CFAE, measfar úsáid a cheadaítear de bhun reachtaíocht an Aontais a bheith ina húsáid a cheadaítear i mBallstát chun críocha na míre seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|