|
+Airteagal 12 1. |
Airteagal 12 1.Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha sna hearnálacha tionscail dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11, cuirfidh siad an méid seo a leanas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:
(a)
sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair atá stóráilte i ngach ceann dá gcuid suiteáil;
(b)
sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair a cuireadh chuig saoráidí aonair a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú nó dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú;
(c)
suíomh agus sonraí teagmhála gach saoráid dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 14(1);
(e)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(2);
(f)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|