+Airteagal 12 Tuairisciú ar fhoinsí móra
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.

Airteagal 12 Tuairisciú ar fhoinsí móra

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.

Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha sna hearnálacha tionscail dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11, cuirfidh siad an méid seo a leanas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:

(a) 

sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair atá stóráilte i ngach ceann dá gcuid suiteáil;

(b) 

sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair a cuireadh chuig saoráidí aonair a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú nó dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú;

(c) 

suíomh agus sonraí teagmhála gach saoráid dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 14(1);

(e) 

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(2);

(f) 

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(3).

Airteagal 12 2.
Sloinnfear na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 agus úsáid á baint as na cóid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
Airteagal 12 3.
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 a thuilleadh maidir le hoibreoir eacnamaíoch suiteálacha clór-alcaile ó bhliain amháin ina dhiadh an dáta a bheidh gach cill mearcair arna hoibriú ag an oibreoir eacnamaíoch díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Cinneadh Chur Chun Feidhme 2013/732/AE agus nuair a bheidh an mearcair uile tugtha ar láimh do shaoráidí bainistithe dramhaíola.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.