+Airteagal 13 Dramhaíl mhearcair a stóráil
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 Dramhaíl mhearcair a stóráil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 1999/31/CE, féadfar dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach i bhfoirm leachtach ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais shonracha maidir le dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin agus go ndéantar an stóráil sin i saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil shealadach dramhaíola mearcair agus atá feistithe lena haghaidh. Scoirfidh an maolú a leagtar amach sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2026.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an tréimhse a cheadaítear do stóráil shealadach dramhaíola mearcair dá dtagraítear i mír 1 a fhadú suas le trí bliana.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Sula ndéanfar dramhaíl mhearcair a dhiúscairt go buan, beidh sí dulta faoi chomhshó agus, i gcás ina bhfuil sé beartaithe dramhaíl mhearcaira a dhiúscairt i saoráidí os cionn talún, a comhshó agus a sholadú. Ní dhéanfar dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, a dhiúscairt go buan ach amháin sna saoráidí stórála buaine seo a leanas atá ceadúnaithe le haghaidh diúscairt dramhaíola mearcair:
(a)
mianaigh salainn atá oiriúnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó, nó foirmíochtaí carraige crua atá go domhain faoi thalamh ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn sin nó atá níos airde ná an leibhéal sin; or
(b)
saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus faoi sholadú agus atá feistithe lena haghaidh agus ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna saoráidí dá dtagraítear i bpointe (a) nó atá níos airde ná an leibhéal sin.
Áiritheoidh oibreoirí saoráidí stórála buaine go gcuirtear an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú aisti féin ó dhramhaíl eile agus i mbaisceanna diúscartha i seomra stórála atá séalaithe. Maidir le saoráidí stórála buaine áiritheoidh na hoibreoirí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir le stóráil shealadach dramhaíola mearcair a bhunaítear sa tríú agus sa chúigiú fleasc de Roinn 8 d'Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i ndáil lena saoráidí stórála buaine.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|