+Airteagal 14 Inrianaitheacht
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
|
Airteagal 14 Inrianaitheacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:
(i)
tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;
(ii)
ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;
(b)
i gcás gach lastais mearcair a fhágann an tsaoráid:
(i)
an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;
(ii)
ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;
(iii)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl a chomhshó agus, más infheidhme, soladú na dramhaíola sin, dá dtagraítear i mír 2;
(iv)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan dá dtagraítear i mír 3;
(c)
an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráide ag deireadh gach míosa.
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, eiseoidh siad, a luaithe a thógfar an dramhaíl mhearcair amach as stóráil shealadach, deimhniú lena ndeimhnítear gur seoladh an dramhaíl mhearcair chuig saoráid ina ndéantar oibríochtaí diúscartha a chumhdaítear faoin Airteagal seo. A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Aon oibreoirí saoraidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:
(i)
tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;
(ii)
ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;
(b)
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú agus í ag fágáil na suiteála:
(i)
an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;
(ii)
ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;
(iii)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl sin dá dtagraítear i mír 3;
(c)
an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráid ag deireadh gach míosa.
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, eiseoidh siad, a luaithe a bheidh oibríocht chomhshó agus, más infheidhme, soladaithe an lastais iomláin tugtha i gcrích, deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuil lastas iomlán na dramhaíola mearcair comhshóite agus, más infheidhme, soladaithe. A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan, eiseoidh siad, a luaithe a bheidh oibríocht diúscartha an lastais iomláin tugtha i gcrích, deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuil lastas iomlán na dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú curtha i stóráil bhuan i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh na stórála. A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Gach bliain faoin 31 Eanáir déanfaidh oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 an clár don bhliain féilire roimhe sin a tharchur chuig an údarás inniúl na mBallstát lena mbaineann. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás náisiúnta gach clár a tharchuirtear in iúl don Choimisiún go bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|