|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:
(i)
tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;
(ii)
ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;
(b)
i gcás gach lastais mearcair a fhágann an tsaoráid:
(i)
an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;
(ii)
ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;
(iii)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl a chomhshó agus, más infheidhme, soladú na dramhaíola sin, dá dtagraítear i mír 2;
(iv)
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan dá dtagraítear i mír 3;
(c)
an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráide ag deireadh gach míosa. Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, eiseoidh siad, a luaithe a thógfar an dramhaíl mhearcair amach as stóráil shealadach, deimhniú lena ndeimhnítear gur seoladh an dramhaíl mhearcair chuig saoráid ina ndéantar oibríochtaí diúscartha a chumhdaítear faoin Airteagal seo. A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|