|
Táirgí ar cuireadh mearcair leo
|
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo
|
|
1. Ceallraí nó taisc-cheallraí ina bhfuil níos mó ná 0,0005 % mearcair de réir meáchain.
|
31.12.2020
|
|
2. Lasca agus athsheachadáin, seachas droichid tomhais toillis agus caillteanais ardchruinnis agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta ardmhinicíochta in uirlisí monatóireachta agus rialaithe ina bhfuil uaschion mearcair 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin.
|
31.12.2020
|
|
▼M4
|
|
2a. Droichid tomhais toillis agus caillteanais, ar droichid an-ardbheachtais iad, agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta, ar lasca agus athsheachadáin ardmhinicíochta iad, in ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta nach mó an cion mearcair iontu ná 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin, seachas na cinn a úsáidtear chun críoch taighde agus forbartha.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
|
3. Dlúthlampaí fluaraiseacha (CFLanna) chun críocha gnáthshoilsiú:
(a) CFL.i ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa;
(b) CFL.ni ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an dóire lampa.
|
31.12.2018
|
|
▼M2
|
|
3a. Dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa.
|
31.12.2025
|
|
▼M3
|
|
3b. Gach dlúthlampa fluaraiseach (CFL) eile chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontrálacha 3 agus 3a.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
|
4. Na lampaí fluaraiseacha líneacha (LFLs) seo a leanas chun críocha gnáthshoilsiú:
(a) Fosfar Triband < 60 vata ina bhfuil cionn mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa;
(b) Fosfar Halafosfáite ≤ 40 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 10 mg in aghaidh an lampa.
|
31.12.2018
|
|
▼M3
|
|
4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a).
|
31.12.2026
|
|
4b. Lampaí fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (b).
|
31.12.2025
|
|
4c. Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha.
|
31.12.2026
|
|
4d. Lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
|
5. Lampaí gaile ardbhrú mearcair (HPMVanna), chun críocha gnáthshoilsiú.
|
31.12.2018
|
|
▼M3
|
|
5a. Lampaí (gaile) sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta le:
(a) P ≤ 105 W is mó ná 16 mg Hg;
(b) 105 W < P ≤ 155 W is mó ná 20 mg Hg;
(c) P > 155 W is mó ná 25 mg Hg.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
|
6. Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) ar cuireadh mearcair leo, le haghaidh taispeántais leictreonacha seo a leanas:
(a) gearrfhad (≤ 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an lampa;
(b) meánfhad (> 500 mm agus ≤ 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa;
(c) mórfhad (> 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 13 mg in aghaidh an lampa.
|
31.12.2018
|
|
▼M2
|
|
6a. Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) den uile fhad le haghaidh taispeántais leictreonacha, nach n-áirítear in iontráil 6.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
|
7. Cosmaidí ina bhfuil mearcair agus comhdhúile mearcair, seachas na cásanna speisialta úd a áirítear in iontráil 16 agus iontráil 17 d'Iarscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
|
31.12.2020
|
|
8. Lotnaidicídí, bithicídí agus antaiseipteáin logánta.
|
31.12.2020
|
|
9. Na feistí tomhais neamhleictreonacha seo a leanas:
(a) baraiméadair;
(b) taismhéadair;
(c) manaiméadair;
(d) teirmiméadair agus feidhmchláir theirmiméadracha neamhleictreonacha eile;
(e) sfigmeamanaiméadair;
(f) straidhntomhsairí atá le húsáid le pleitismeagraif;
(g) picniméadair mearcair;
(h) feistí méadraithe mearcair chun an bogphointe a chinneadh.
Ní chumhdaíonn an iontráil seo na feistí tomhais seo a leanas:
— feistí tomhais neamhleictreonacha atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil;
— feistí tomhais a bhí níos sine ná 50 bliain ar an 3 Deireadh Fómhair 2007;
— feistí tomhais a thaispeánfar i dtaispeántais phoiblí ar chúiseanna cultúrtha agus staire.
|
31.12.2020
|
|
▼M2
|
|
10. Na feistí tomhais leictreacha agus leictreonacha seo a leanas seachas na cinn siúd atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil:
(a) trasduchtóirí brú leáite;
(b) tarchuradóirí brú leáite;
(c) braiteoirí brú leáite.
|
31.12.2025
|
|
11. Táirgí eile ar cuireadh mearcair leo:
(a) Folúschaidéil mearcair;
(b) Cothromóirí boinn agus meáchain rotha;
(c) Scannán agus páipéar fótagrafach;
(d) Tiomántán le haghaidh satailítí agus spásárthaí.
|
31.12.2025
|
|
▼B
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
|