|
+IARSCRÍBHINN III |
IARSCRÍBHINN III
IARSCRÍBHINN III Ceanglais a bhaineann le mearcair is infheidhme maidir le próisis mhonaraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2) Cuid I: Úsáid thoirmiscthe mearcair nó comhdhúl mearcair, bídís i bhfoirm íon nó ina meascáin, i bpróisis mhonaraithe
(a)
ón 1 Eanáir 2018: próisis táirgthe ina n-úsáidfear mearcair nó comhdhúl mearcair mar chatalaíoch;
(b)
de mhaolú ar phointe (a), toirmiscfear monaiméir de chlóiríd vinile a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2022.
(c)
ón 1 Eanáir 2022: próisis mhonaraithe ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;
(d)
de mhaolú ar phointe (c), ón 11 Nollaig 2017: le haghaidh táirgeadh clór-alcaileach i gcás ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;
(e)
De mhaolú ar phointe (c), toirmiscfear meitioláit nó eitioláit photaisiam nó sóidiam a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2028.
(f)
ón 1 Eanáir 2018: táirgeadh polúireatáin, a mhéid nach bhfuil srianta nó toirmiscthe cheana féin i gcomhréir le hiontráil 62 d'Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Cuid II: Próisis mhonaraithe faoi réir srianta ar úsáid agus scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair Meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh Déanfar meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh i gcomhréir le pointe (e) de Chuid I agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
ní úsáidfear mearcair as mianadóireacht phríomha mearcair;
(b)
déanfar laghdú 50 % ar scaoileadh díreach agus indíreach mearcair agus comhdhúl mearcair san aer, san uisce agus sa talamh in aghaidh an aonaid táirgthe, faoin mbliain 2020 i gcomparáid le 2010;
(c)
tacófar le taighde agus forbairt i ndáil le próisis monaraithe atá saor ó mhearcair; agus
(d)
ón 13 Meitheamh 2017, ní mhéadófar toilleadh na suiteálacha a úsáideann mearcair agus comhdhúile mearcair chun meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh agus a bhí ag oibriú roimh an dáta sin agus ní cheadófar aon suiteálacha nua. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|