|
+IARSCRÍBHINN IV |
IARSCRÍBHINN IV
IARSCRÍBHINN IV Ábhar an phlean náisiúnta maidir le mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 9 Áireofar sa phlean náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
cuspóirí náisiúnta agus spriocanna maidir le laghdú chun úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair a dhíchur;
(b)
bearta chun na nithe seo a leanas a dhíchur:
(i)
malgamú méine iomláine;
(ii)
dó oscailte malgaim nó malgaim phróiseáilte;
(iii)
dó malgaim i limistéir chónaithe; agus
(iv)
láisteadh ciainíde i moirt, i mian nó i bhfuíoll ar cuireadh mearcair leis gan an mearcair a bhaint ar dtús;
(c)
céimeanna chun cur ar bhonn foirmiúil nó rialáil earnáil na mianadóireachta óir ceardaíochta agus mionscála agus na próiseála a éascú;
(d)
meastacháin bhonnlíne ar na cainníochtaí mearcair a úsáidtear agus na cleachtais a úsáidtear i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála laistigh dá chríoch;
(e)
straitéisí chun gur féidir laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar scaoileadh mearcair, agus risíocht do mhearcair, i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála, lena n-áirítear modhanna saor ó mhearcair;
(f)
straitéisí chun trádáil a bhainistiú agus cosc a chur ar atreorú mearcair agus comhdhúl mearcair ó fhoinsí eachtracha agus ó fhoinsí intíre araon, lena n-úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála;
(g)
straitéisí chun go mbeidh geallsealbhóirí rannpháirteach i gcur chun feidhme agus i bhforbairt leanúnach an phlean náisiúnta;
(h)
straitéis sláinte poiblí maidir le risíocht mianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus a bpobail do mhearcair, agus ina n-áireofar, inter alia, sonraí sláinte a thiomsú, oiliúint a chur ar oibrithe cúraim sláinte agus ardú feasachta trí shaoráidí sláinte;
(i)
straitéisí chun risíocht pobal soghonta, go háirithe leanaí agus mná atá in aois toirchis, go mór mór mná atá torrach, do mhearcair a úsáidtear i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseála;
(j)
straitéisí chun faisnéis a chur ar fáil do mhianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus do na pobail dá ndéantar difear;
(k)
sceideal chun an plean náisiúnta a chur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|