+Airteagal 3 Oibleagáidí ginearálta soláthróirí
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Oibleagáidí ginearálta soláthróirí
Oibleagáidí ginearálta soláthróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh an soláthróir go mbeidh lipéid chruinne chlóite agus bileoga faisnéise faoi tháirge ag gabháil leo, i gcás gach aonaid aonair, saor in aisce, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha. Mar mhalairt ar an mbileog faisnéise faoi tháirge a sholáthar in éineacht leis an táirge, féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 16(3) gur leor don soláthróir paraiméadair bileog faisnéise den sórt sin faoi tháirge a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí. I gcás den sórt sin, soláthróidh an soláthróir an bhileog faisnéise faoi tháirge i bhfoirm chlóite don déileálaí arna iarraidh sin. Féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Seachadfaidh an soláthróir lipéid chlóite, lena n-áirítear lipéid athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(13), agus bileoga faisnéise faoi tháirge saor in aisce do na déileálaí, go pras agus ar aon chaoi cúig lá oibre ar a dhéanaí arna iarraidh sin do dhéileálaí.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Áiritheoidh an soláthróir go bhfuil na lipéid agus na bileoga faisnéise faoi tháirge a sholáthraíonn sé cruinn agus táirgfidh siad doiciméadacht theicniúil ar leor é chun measúnú a dhéanamh ar a gcruinneas.
|
|
Airteagal 3 4.
|
A luaithe a chuirtear aonad múnla i seirbhís, iarrfaidh an soláthróir toiliú sainráite ón gcustaiméir i leith aon athruithe a bheartaítear a thabhairt isteach san aonad trí bhíthin nuashonruithe a bheadh chun dochair pharaiméadair lipéad éifeachtúlachta fuinnimh an aonaid sin, mar a leagtar amach iad sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Cuirfidh an soláthróir an custaiméir ar an eolas faoi chuspóir an nuashonraithe agus faoi na hathruithe sna paraiméadair, lena n-áirítear aon athrú in aicme an lipéid. Tabharfaidh an soláthróir an rogha don chustaiméir, go ceann tréimhse atá comhréireach le meántréimhse saoil an táirge, diúltú don nuashonrú gan cailleadh inseachanta feidhmiúlachta a bheith mar thoradh air sin.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Ní chuirfidh an soláthróir táirgí ar an margadh a dheartar sa chaoi go ndéantar feidhmíocht múnla a athrú go huathoibríoch faoi dhálaí tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d'aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil leis an táirge.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|