+Airteagal 9 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
|
Airteagal 9 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
I gcás ina mbeidh údar leordhóthanach ag na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát amháin lena mheas go bhfuil riosca maidir le gnéithe de chosaint an leasa phoiblí ag roinnt le táirge a chumhdaítear faoin Rialachán seo, amhail gnéithe den chosaint comhshaoil agus den chosaint do thomhaltóirí, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge ábhartha ina gcumhdaítear na ceanglais faoi lipéadú fuinnimh atá ábhartha don riosca agus a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Comhoibreoidh soláthróirí agus déileálaithe de réir mar is gá leis na húdaráis faireachais margaidh chun chríoch na meastóireachta sin.
|
|
Airteagal 9 2.
|
I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha á gcomhlíonadh ag an táirge sin, ceanglóidh siad gan mhoill ar an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, ar an déileálaí na bearta ceartaitheacha uile is iomchuí a dhéanamh ionas go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó, i gcás inarb iomchuí, é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh siad. Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 9 3.
|
I gcás ina measfaidh na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh amhail dá dtagraítear i mír 2 srianta dá gcríoch náisiúnta féin, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an soláthróir nó ar an déileálaí.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Áiritheoidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach nó shriantach is iomchuí i gcomhréir le mír 2 maidir leis na táirgí uile lena mbaineann a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
|
|
Airteagal 9 5.
|
I gcás nach ndéanfaidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an táirge a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta acu, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin; nó chun é a aisghairm.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart arna nglacadh de bhun mír 5 gan mhoill. Folófar na sonraí uile atá ar fáil san fhaisnéis sin go háirithe;
(a)
na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint;
(b)
ionad tionscnaimh an táirge;
(c)
cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis;
(d)
cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a ríomh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí.
Go háirithe, tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh le fios an toradh é an neamhchomhlíonadh ar mhainneachtain an táirge ceanglais a chomhlíonadh i ndáil le gnéithe de chosaint leas an phobail a leagtar síos sa Rialachán seo nó an toradh é ar easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 lena mbronntar toimhde comhréireachta air.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, maidir lena gcuid agóidí freisin.
|
|
Airteagal 9 8.
|
Más rud é, laistigh de 60 lá tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 6 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a rinne Ballstát, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin.
|
|
Airteagal 9 9.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh féin, i ndáil leis an táirge lena mbaineann agus an méid sin a dhéanamh gan mhoill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|