+Airteagal 10 Nós imeachta cosanta an Aontais
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Nós imeachta cosanta an Aontais
Nós imeachta cosanta an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(4) agus (5) a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis an Ballstát agus leis an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, leis an déileálaí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus féadfaidh sé beart malartach iomchuí a mholadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
|
|
Airteagal 10 2.
|
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é, agus don soláthróir nó don déileálaí lena mbaineann, gan mhoill.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.
|
|
Airteagal 10 4.
|
I gcás ina measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a chur síos d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 9(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Bearta ceartaitheacha nó bearta sriantacha de bhun Airteagal 9(2), (4), (5) nó (9), nó Airteagal 10(3), leathnófar iad chuig gach aonad de mhúnla neamhchomhlíontach agus dá mhúnlaí coibhéiseacha, ach amháin na haonaid sin a dtaispeánann an soláthróir ina leith go bhfuil siad comhlíontach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|