|
+Airteagal 16 3. |
Airteagal 16 3.Sonrófar i ngníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí táirgí sonracha na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
sainmhíniú ar an ngrúpa táirgí sonracha a thagann faoin sainmhíniú ar “táirge a bhaineann le fuinneamh” a leagtar amach i bpointe 1 d'Airteagal 2 atá le cumhdach leis na ceanglais mhionsonraithe maidir le lipéadú;
(b)
dearadh agus inneachar an lipéid, lena n-áirítear scála A go G a léireoidh an t-ídiú fuinnimh; chomh fada agus is féidir beidh saintréithe deartha aonfhoirmeacha ag an scála sin do gach grúpa táirgí agus i ngach cás beidh sé soiléir soléite. Freagróidh céimeanna A go G den aicmiú do choigiltis shuntasacha fuinnimh agus costais agus dealú iomchuí idir táirgí ó thaobh an chustaiméara de. Sonrófar iontu freisin an chaoi a léireofar céimeanna A go G den aicmiú, agus i gcás inarb infheidhme an t-ídiú fuinnimh, in áit fheiceálach ar an lipéad;
(c)
más iomchuí, úsáid acmhainní eile agus faisnéis fhorlíontach faoin táirge, aibhseoidh an lipéad éifeachtúlacht fuinnimh an táirge sa chás sin. Beidh an fhaisnéis fhorlíontach soiléir agus ní bheidh tionchar diúltach aici ar intuigtheacht shoiléir agus ar éifeachtacht an lipéid ina iomláine i dtaca leis na custaiméirí. Beidh sí bunaithe ar shonraí a bhaineann le saintréithe fisiceacha táirge a bheidh údaráis faireachais margaidh in ann a thomhas agus a fhíorú;
(d)
i gcás inarb iomchuí, tagairt a chur isteach ar an lipéad lena bhféadfaidh custaiméirí táirgí fuinnimh chliste a shainaithint, is é sin táirgí atá in ann a bpatrúin tomhaltais a athrú go huathoibríoch agus a bharrfheabhsú mar fhreagairt do spreagadh seachtrach (amhail comharthaí ó nó trí chóras lárnach bainistithe fuinnimh baile, ó chomharthaí praghais, ó chomharthaí rialaithe díreacha, ó thomhas áitiúil agus tríothu sin) nó in ann seirbhísí eile a chur ar fáil lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus glacadh fuinnimh in-athnuaite, chun go bhfeabhsófar an tionchar comhshaoil a bhainfidh le húsáid fuinnimh ar fud an chórais iomlán fuinnimh;
(e)
na suíomhanna ina mbeidh an lipéad ar taispeáint, amhail ceangailte d'aonad an táirge in áit nach ndéanfar damáiste dó, clóite ar an bpacáistíocht, tugtha i bhformáid leictreonach nó ar taispeáint ar líne, agus ceanglais Airteagal 3(1), agus na himpleachtaí do custaiméirí, do sholáthróirí agus do dhéileálaithe á gcur san áireamh;
(f)
i gcás inarb iomchuí, modhanna leictreonacha le táirgí a lipéadú;
(g)
an dóigh ina gcuirfear ar fáil an lipéad agus an bhileog faisnéise faoin táirge i gcás ciandíolacháin;
(h)
an t-inneachar riachtanach agus, i gcás inarb iomchuí, an fhormáid agus mionsonraí eile a bhaineann leis an mbileog faisnéise faoin táirge agus faoin doiciméadacht theicniúil, lena n-áirítear an deis paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge a iontráil sa bhunachar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 3(1);
(i)
na lamháltais fíorúcháin a bheidh le húsáid ag na Ballstáit agus comhlíonadh na gceanglas á fhíorú acu;
(j)
an chaoi a gcuimseofar an aicme fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc agus in ábhar fógraíochta teicniúil, lena n-áirítear inléiteacht agus infheictheacht;
(k)
na modhanna tomhais agus na modhanna ríofa dá dtagraítear in Airteagal 13, a úsáidfear chun faisnéis na bileoige faisnéise faoin lipéad agus faoin táirge a chinneadh, lena n-áirítear an sainmhíniú ar an innéacs eifeachtúlachta fuinnimh (EEI), nó paraiméadar coibhéiseach;
(l)
cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá, i gcás fearais mhóra, le leibhéal níos airde éifeachtúlachta fuinnimh chun aicme fuinnimh ar leith a bhaint amach;
(m)
formáid aon tagairtí breise ar an lipéad lenar féidir le custaiméirí rochtain a fháil go leictreonach ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi fheidhmíocht an táirge mar a luaitear ar an mbileog faisnéise faoin táirge. D'fhéadfadh formáid na dtagairtí sin a bheith i bhfoirm seoladh suímh gréasáin, cód dinimiciúil mearfhreagartha (cód QR), nasc ar lipéid ar líne nó aon mhodh oiriúnach eile a dhírítear ar an tomhaltóir;
(n)
an chaoi a ndéanfar i gcás inarb iomchuí” na haicmí fuinnimh a léiríonn ídiú fuinnimh an táirge le linn a úsáide a léiriú ar thaispeáint idirghníomhach an táirge;
(o)
an dáta le meastóireacht a dhéanamh agus, le hathbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin, ar an ngníomh tarmligthe;
(p)
i gcás inarb iomchuí, difríochtaí i bhfeidhmíochtaí fuinnimh i réigiúin éagsúla aeráide;
(q)
maidir leis an gceanglas faisnéis a choinneáil sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh in Airteagal 4(6), tréimhse choinneála sonraí is lú ná 15 bliana, i gcás inarb iomchuí i gcoibhneas le meántréimhse saoil an táirge. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|