+Airteagal 20 Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha
Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Déantar Treoir 2010/30/AE a aisghairm le héifeacht ón1 Lúnasa 2017.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Maidir le múnlaí ar cuireadh na n-aonaid díobh ar an margadh nó i seirbhís i gcomhréir le Treoir 2010/30/AE roimh an1 Lúnasa 2017, déanfaidh an soláthróir, go ceann tréimhse a mbeidh deireadh leis cúig bliana tar éis an t-aonad deireanach a mhonarú, leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil le haghaidh cigireachta laistigh de 10 lá ón uair a bhfaighidh siad iarraidh ó na húdaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nghlacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE agus de Threoir 96/60/CE, fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go n-aisghairtear iad le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo lena gcumhdaítear an grúpa táirgí ábhartha. Beidh feidhm ag oibleagáidí faoin Rialachán seo i dtaca le grúpaí tairgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de bhun Threoir 2010/20/AE.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Maidir le grúpaí tairgí a chumhdaítear cheana le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE, nó le Treoir 96/60/CE, i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, féadfaidh aicmiú an lipéadaithe fuinnimh arna bhunú le Treoir 2010/30/AE leanúint d'fheidhm a bheith aige go dtí an dáta a dtiocfaidh na rialacháin tharmligthe lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo chun feidhm a bheith acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|