|
+Airteagal 6a 5b. |
Airteagal 6a 5b.D’ainneoin mhír 1, sa bhreis ar dhiall a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le mír 5a agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le cúig phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b), más rud é:
(a)
gur mó a tháirgeadh náisiúnta gáis ná a mheántomhaltas bliantúil gáis sa 2 bhliain roimhe sin; nó
(b)
maidir le saintréithe teicniúla sonracha saoráide stórála aonair faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn theicniúil os cionn 40 TWh atá suite ar a críoch, tá gá le ráta insteallta mall lena gcruthaítear tréimhse insteallta an-fhada agus atá níos faide ná 115 lá. Ní fhéadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar chumas na mBallstát atá nasctha go díreach gás a sholáthar dá gcustaiméirí atá faoi chosaint nó nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a úsáideann na solúbthachtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cur chun feidhme na solúbthachtaí sin, agus cuirfidh sé GCG ar an eolas láithreach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|