+Airteagal 6a Spriocanna líonta a agus conairí líonta
---+Airteagal 6a 1.
---+Airteagal 6a 2.
---+Airteagal 6a 3.
---+Airteagal 6a 4.
---+Airteagal 6a 5.
---+Airteagal 6a 5a.
---+Airteagal 6a 5b.
---+Airteagal 6a 5c.
---+Airteagal 6a 5d.
---+Airteagal 6a 5e.
---+Airteagal 6a 5f.
---+Airteagal 6a 6.
---+Airteagal 6a 7.
---+Airteagal 6a 8.
---+Airteagal 6a 9.
---+Airteagal 6a 10.
---+Airteagal 6a 11.
|
Airteagal 6a Spriocanna líonta a agus conairí líonta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6a 1.
|
Faoi réir mhíreanna 2 go 5f, comhlíonfaidh na Ballstáit na spriocanna líonta seo a leanas le haghaidh acmhainn chomhiomlán na saoráidí stórála gáis faoi thalamh uile atá lonnaithe ar a gcríoch agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ina gcríoch agus le haghaidh saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib aon tráth idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig gach bliain:
▼M2
Chun an mhír seo a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an cuspóir maidir le slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 1.
|
|
Airteagal 6a 2.
|
D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, beidh sprioc líonta do gach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe laghdaithe do thoirt arb ionann í agus 35 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 6a 3.
|
D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineanna líonadh, laghdófar sprioc líonta gach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe de réir na toirte, a soláthraíodh do thríú tíortha le linn na tréimhse tagartha 2016 go 2021 más rud é go raibh an meántoirt a soláthraíodh níos mó ná 15 TWh in aghaidh na bliana sa tréimhse aistarraingthe stórála gáis (mí Dheireadh Fómhair – mí Aibreáin).
|
|
Airteagal 6a 4.
|
I gcás na saoráidí stórála gáis faoi thalamh a liostaítear in Iarscríbhinn Ib, beidh feidhm ag na spriocanna líonta de bhun mhír 1 agus leis an gconair líonta de bhun mhír 7. Cinnfear mionsonraí na hoibleagáide do gach Ballstát i gcomhaontú déthaobhach i gcomhréir le hIarscríbhinn Ib.
|
|
Airteagal 6a 5.
|
Féadfaidh Ballstát an sprioc líonta a chomhlíonadh i bpáirt trí GNL atá stóráilte go fisiceach agus ar fáil i saoráidí GNL na mBallstát a chomhaireamh i gcás ina mbainfear amach an dá choinníollacha a leanas:
(a)
áirítear sa chóras gáis acmhainn shuntasach stórála GNL, arb ionann é go bliantúil agus níos mó ná 4 % de mheántomhaltas náisiúnta thar an 5 bliana roimhe sin;
(b)
tá oibleagáid forchurtha ag an mBallstát ar sholáthróirí gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí GNL i gcomhréir Airteagal 6b(1), pointe (a).
|
|
Airteagal 6a 5a.
|
D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, i gcás dálaí deacra lena gcuirtear teorainn leis an gcumas a áirithiú go líontar na stórais gáis faoi thalamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le 10 bpointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b).
|
|
Airteagal 6a 5b.
|
D’ainneoin mhír 1, sa bhreis ar dhiall a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le mír 5a agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le cúig phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b), más rud é:
(a)
gur mó a tháirgeadh náisiúnta gáis ná a mheántomhaltas bliantúil gáis sa 2 bhliain roimhe sin; nó
(b)
maidir le saintréithe teicniúla sonracha saoráide stórála aonair faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn theicniúil os cionn 40 TWh atá suite ar a críoch, tá gá le ráta insteallta mall lena gcruthaítear tréimhse insteallta an-fhada agus atá níos faide ná 115 lá.
Ní fhéadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar chumas na mBallstát atá nasctha go díreach gás a sholáthar dá gcustaiméirí atá faoi chosaint nó nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a úsáideann na solúbthachtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cur chun feidhme na solúbthachtaí sin, agus cuirfidh sé GCG ar an eolas láithreach.
|
|
Airteagal 6a 5c.
|
I gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha leanúnacha agus ar choinníoll nach mbaintear an bonn ó shlándáil sholáthar an Aontais agus na mBallstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún an leibhéal diallta a cheadaítear de bhun mhír 5a den Airteagal seo a mhéadú ar feadh séasúr líonta amháin, trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19. Ní rachaidh méadú den sórt sin thar chúig phointe céatadáin bhreise. Agus measúnú á dhéanamh aige ar mhéadú a d’fhéadfadh a bheith ann, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, an leibhéal líonta stórála, an soláthar gáis domhanda, ionchas soláthair séasúrach ENTSOG, agus na tásca maidir le cúbláil margaidh. Agus an leibhéal diallta a cheadaítear de bhun mhír 5a den Airteagal seo á mhéadú i gcomhréir leis an mír seo, déanfaidh an Coimisiún na toirteanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 6c(1) agus (5) a oiriúnú a mhéid céanna, chun comhsheasmhacht iomlán a áirithiú sna spriocanna líonta is infheidhme maidir leis na Ballstáit.
|
|
Airteagal 6a 5d.
|
Féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna leo siúd a leagtar amach i mír 5a, a chinneadh imeacht suas le 3 phointe céatadáin agus suas le 88 gcéadú ón toirt a leagtar amach i mír 2.
|
|
Airteagal 6a 5e.
|
Féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna leo siúd a leagtar amach i mír 5a den Airteagal seo, a chinneadh imeacht suas le 1 phointe céatadáin amháin agus suas le 66 chéadú ón meántoirt bhliantúil tomhaltais gáis a leagtar amach in Airteagal 6c(1) agus (5).
|
|
Airteagal 6a 5f.
|
Rachaidh Ballstát a úsáideann aon cheann de na solúbthachtaí dá bhforáiltear i míreanna 5a go 5e i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tabharfaidh sé údar cuí leis láithreach. Tabharfaidh an Coimisiún GCG agus aon Bhallstáit a ndéantar difear díreach dóibh cothrom le dáta maidir le héifeachtaí carnacha na solúbthachtaí uile arna n-úsáid gan mhoill.
|
|
Airteagal 6a 6.
|
Chun an sprioc líonta a bhaint amach, féachfaidh na Ballstáit leis an gconair líonta atá socraithe i gcomhréir le mír 7 a leanúint.
|
|
Airteagal 6a 7.
|
I gcás 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh conair líonta le spriocanna idirmheánacha do mhí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear faisnéis theicniúil, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin, i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch féin agus atá idirnasctha go díreach lena limistéir mhargaidh. Beidh an chonair líonta agus na spriocanna idirmheánacha bunaithe ar an meánráta líonta le linn na 5 bliana roimhe sin. I gcás Ballstáit a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35 % dá meán-tomhaltas gáis bliantúil de bhun mhír 2, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na conairí líonta comhiomlánaithe arna gcur isteach ag na Ballstáit.
|
|
Airteagal 6a 8.
|
Déanfaidh gach Ballstát na bearta uile is gá i gcomhréir le hAirteagal 6b chun an sprioc líonta a bhaint amach. Más rud é, in aon bhliain ar leith, nach gcomhlíonann Ballstát a sprioc líonta, déanfaidh sé bearta éifeachtacha chun slándáil an tsoláthair a áirithiú agus an tionchar atá ag praghsanna ar an margadh gáis á chur san áireamh. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát an sprioc líonta, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus GCG ar an eolas gan mhoill, agus tabharfaidh sé na cúiseanna nár baineadh amach an sprioc líonta agus na bearta a rinneadh.
|
|
Airteagal 6a 9.
|
Ní bheidh feidhm ag an sprioc líonta i gcás ina mbeidh éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil de chuid Aontais fógartha ag an gCoimisiún agus ar feadh na héigeandála fógartha sin de bhun Airteagal 12, arna iarraidh sin, de réir an cháis, ó Bhallstát amháin nó níos mó a d’fhógair éigeandáil náisiúnta.
|
|
Airteagal 6a 10.
|
Féadfaidh údarás inniúil gach Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6b chun an chonair líonta a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna idirmheánacha ceangailteacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh sé faireachán leanúnach ar ailíniú leis an gconair líonta agus cuirfidh sé GCG ar an eolas go tráthrialta faoin ailíniú leis an gconair líonta. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go tráthrialta faoin méid a chomhlíonann gach Ballstát an chonair tháscach.
|
|
Airteagal 6a 11.
|
I gcás ina n-imeoidh Ballstát go suntasach agus go marthanach ón gconair líonta, rud a chuireann comhlíonadh na sprice líonta i mbaol nó i gcás ina n-imeoidh sé ón sprioc líonta, rud nach gceadaítear de bhun mhíreanna 5a go 5e, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG agus leis na Ballstáit lena mbaineann, moladh a eisiúint don Bhallstát sin nó do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir le bearta atá le déanamh chun an diall sin a leigheas nó chun an tionchar ar shlándáil an tsoláthair a íoslaghdú, agus ag an am céanna, inter alia, dálaí deacra nó dálaí margaidh neamhfhabhracha a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le sainiúlachtaí na mBallstát, amhail saintréithe teicniúla agus méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, tábhacht laghdaitheach na saoráidí stórála gáis calracha faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an acmhainn stórála GNL atá ann cheana á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|