+Airteagal 9 Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
---+Airteagal 9 10.
---+Airteagal 9 11.
|
Airteagal 9 Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach:
(a)
torthaí an mheasúnaithe riosca mar aon le hachoimre ar na cásanna eiseamláireacha a breithníodh faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) d'Airteagal 7(4).
(b)
an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint agus an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi sa dara fomhír d'Airteagal 6(1);
(c)
na bearta, toirteanna agus acmhainní is gá chun na caighdeáin bonneagair agus soláthair gáis a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid is féidir le bearta atá dírithe ar an éileamh cúiteamh leordhóthanach a thabhairt, go tráthúil, as suaitheadh an tsoláthair gáis dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an bonneagar gáis comhleasa is mó a shainaithint i gcás ina gcuirfear Airteagal 5(3) i bhfeidhm, na toirteanna gáis is gá in aghaidh an chatagóire de chustaiméirí atá faoi chosaint agus in aghaidh an cháis eiseamláirigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe faoi Airteagal 6(2), lena n-áirítear aon údar a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus tuairisc ar shásra lena laghdaítear go sealadach aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise i gcomhréir le hAirteagal 11(3);
(d)
oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha, ar ghnóthais leictreachais, i gcás inarb iomchuí, agus ar chomhlachtaí ábhartha eile ar dócha tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;
▼M3
(e)
bearta coisctheacha eile arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca amhail mar shampla, na cinn a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanacha, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, cnapaireacht acmhainne a chosc, agus chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus leis an bhféidearthacht bealaí gáis agus foinsí soláthair gáis a éagsúlú, mar aon le húsáid réigiúnach acmhainne stórála agus GNL atá ann cheana, más iomchuí, ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;
▼B
(f)
faisnéis faoi thionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a bheidh sa phlean, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
(g)
tuairisc ar éifeachtaí na mbeart sa phlean maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus margaí náisiúnta, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
(h)
tuairisc ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí;
(i)
na sásraí a úsáidfear le haghaidh comhar le Ballstáit eile, lena n-áirítear na sásraí chun pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú agus a chur chun feidhme;
(j)
faisnéis faoi na hidirnaisc agus an bonneagar atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc agus an bonneagar a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na hidirnaisc agus an bonneagar sin a sholáthraíonn rochtain ar an margadh inmheánach, ar shreafaí trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar shaoráidí GNL agus ar an acmhainn dhéthreoch, go háirithe i gcás éigeandála;
(k)
faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis;
▼M3
(l)
faisnéis ar bhearta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, dá dtagraítear in Airteagal 8a.
▼B
Faisnéis ríthábhachtach a bhaineann le pointe (a), le pointe (c) agus le pointe (d) den chéad fhomhír, ar faisnéis í a d'fhéadfadh slándáil an tsoláthair gáis a chur i gcontúirt dá nochtfaí í, féadfar í a eisiamh.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Maidir leis an bplean um ghníomhaíocht choisctheach, go háirithe na gníomhaíochtaí chun an caighdeán bonneagair a leagtar síos in Airteagal 5 a shásamh, cuirfear san áireamh iontu PFGDB uile-Aontais a bheidh le tarraingt suas ag ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Is ar bhearta margadhbhunaithe go príomha a bheidh an plean um ghníomhaíocht choisctheach bunaithe agus ní chuirfidh sé ualach míchuí ar ghnóthais gáis nádúrtha, nó ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh gáis.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus go háirithe a n-údaráis inniúla, go ndéanfaidh na bearta coisctheacha nua ar fad nach bhfuil margadhbhunaithe, amhail iad siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, is cuma cé acu atá siad mar chuid den phlean nó a ghlacfar ina dhiaidh sin iad, na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2) a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil don phobal aon bheart dá dtagraítear i mír 4 nár cuireadh san áireamh go fóill sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin tuairisc ar aon bheart den sórt sin agus ar an tionchar a bheidh aige ar an margadh náisiúnta gáis agus, a mhéid is féidir, ar mhargaí gáis Ballstát eile.
|
|
Airteagal 9 6.
|
I gcás ina bhfuil amhras ar an gCoimisiún an gcomhlíonann beart dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2), iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann fógra a thabhairt faoi mheasúnú tionchair.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Cuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad i measúnú tionchair de bhun mhír 6:
(a)
an tionchar féideartha ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis agus ar an iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta;
(b)
an tionchar féideartha ar an margadh inmheánach gáis;
(c)
an tionchar féideartha ar shlándáil sholáthar gáis na mBallstát comharsanachta, go háirithe i gcás na mbeart sin a d'fhéadfadh an leachtacht sna margaí réigiúnacha a laghdú nó bac a chur ar shreafaí i dtreo na mBallstát comharsanachta;
(d)
na costais agus na sochair, a dhéantar a mheasúnú i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe malartacha;
(e)
measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe féideartha;
(f)
tuiscint ar an amhlaidh an ndéanann an beart comhdheiseanna a áirithiú do gach rannpháirtí sa mhargadh;
(g)
straitéis i gcomhair céimniú amach, an t-achar ama chun an beart atá beartaithe a dhéanamh agus amscála iomchuí le haghaidh athbhreithniú.
Is é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú tionchair a chur ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.
|
|
Airteagal 9 8.
|
I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú tionchair, gur dócha go gcuirfidh an beart slándáil soláthair gáis Ballstát eile nó slándáil sholáthar gáis an Aontais i mbaol, déanfaidh sé cinneadh laistigh de cheithre mhí tar éis fógra faoin measúnú tionchair a fháil lena n-éilítear, a mhéid is gá, an beart a leasú nó a tharraingt siar. Ní thiocfaidh an beart arna ghlacadh i bhfeidhm ach amháin nuair a dhéanfaidh an Coimisiún é a fhormheas nó go dtí go ndéanfar é a leasú i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún. Is ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse 4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.
|
|
Airteagal 9 9.
|
I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú tionchair, nach gcomhlíonann an beart na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2), féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh laistigh de cheithre mhí tar éis fógra faoin measúnú tionchair a fháil. Beidh feidhm ag nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(8) agus (9). Is ar an lá tar éis an dáta a gheofar fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.
|
|
Airteagal 9 10.
|
Beidh feidhm ag Airteagal 8(9) freisin maidir le haon bheart atá faoi réir mhír 6 go mír 9 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 9 11.
|
Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach a nuashonrú gach 4 bliana tar éis an 1 Márta 2019 nó níos minice más gá sin a dhéanamh de bharr na n-imthosca nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Léireofar sa phlean nuashonraithe an measúnú riosca nuashonraithe agus torthaí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10(3). Beidh feidhm ag Airteagal 8 maidir leis an bplean nuashonraithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|