+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach:

(a) 

torthaí an mheasúnaithe riosca mar aon le hachoimre ar na cásanna eiseamláireacha a breithníodh faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) d'Airteagal 7(4).

(b) 

an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint agus an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi sa dara fomhír d'Airteagal 6(1);

(c) 

na bearta, toirteanna agus acmhainní is gá chun na caighdeáin bonneagair agus soláthair gáis a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid is féidir le bearta atá dírithe ar an éileamh cúiteamh leordhóthanach a thabhairt, go tráthúil, as suaitheadh an tsoláthair gáis dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an bonneagar gáis comhleasa is mó a shainaithint i gcás ina gcuirfear Airteagal 5(3) i bhfeidhm, na toirteanna gáis is gá in aghaidh an chatagóire de chustaiméirí atá faoi chosaint agus in aghaidh an cháis eiseamláirigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe faoi Airteagal 6(2), lena n-áirítear aon údar a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus tuairisc ar shásra lena laghdaítear go sealadach aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(d) 

oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha, ar ghnóthais leictreachais, i gcás inarb iomchuí, agus ar chomhlachtaí ábhartha eile ar dócha tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;

▼M3

(e) 

bearta coisctheacha eile arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca amhail mar shampla, na cinn a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanacha, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, cnapaireacht acmhainne a chosc, agus chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus leis an bhféidearthacht bealaí gáis agus foinsí soláthair gáis a éagsúlú, mar aon le húsáid réigiúnach acmhainne stórála agus GNL atá ann cheana, más iomchuí, ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;

▼B

(f) 

faisnéis faoi thionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a bheidh sa phlean, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);

(g) 

tuairisc ar éifeachtaí na mbeart sa phlean maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus margaí náisiúnta, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);

(h) 

tuairisc ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí;

(i) 

na sásraí a úsáidfear le haghaidh comhar le Ballstáit eile, lena n-áirítear na sásraí chun pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(j) 

faisnéis faoi na hidirnaisc agus an bonneagar atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc agus an bonneagar a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na hidirnaisc agus an bonneagar sin a sholáthraíonn rochtain ar an margadh inmheánach, ar shreafaí trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar shaoráidí GNL agus ar an acmhainn dhéthreoch, go háirithe i gcás éigeandála;

(k) 

faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis;

▼M3

(l) 

faisnéis ar bhearta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, dá dtagraítear in Airteagal 8a.

▼B

Faisnéis ríthábhachtach a bhaineann le pointe (a), le pointe (c) agus le pointe (d) den chéad fhomhír, ar faisnéis í a d'fhéadfadh slándáil an tsoláthair gáis a chur i gcontúirt dá nochtfaí í, féadfar í a eisiamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.