+Airteagal 11 8.
|
Airteagal 11 8.
Fíoróidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, ach i gcás ar bith laistigh de 5 lá tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil ón údarás inniúil, an mbeidh údar cuí leis an bhfógra éigeandála i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 agus an leanann na bearta a rinneadh, a dhlúithe is féidir, na gníomhaíochtaí a liostaítear sa phlean éigeandála agus fíoróidh sé nach gcuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais gáis nádúrtha agus go mbeidh siad i gcomhréir le mír 6. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d'údarás inniúil eile, do ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, a iarraidh ar an údarás inniúil na bearta a mhodhnú i gcás ina bhfuil siad contrártha do na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an údarás inniúil deireadh na héigeandála a fhógairt i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil údar cuí leis an bhfógra éigeandála a thuilleadh i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1. Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an t-údarás inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás deireanach sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an t-údarás inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, GCG a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnú ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an t-údarás inniúil na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|