+Airteagal 13 8c.

Airteagal 13 8c.

I gcás inar soláthraíodh beart dlúthpháirtíochta i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh méid deiridh an chúitimh chóir a d’íoc an Ballstát iarrthach faoi réir rialú ex post ag údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit is soláthraí agus an Bhallstáit iarrthaigh, laistigh de 3 mhí ó dheireadh na héigeandála.

I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ar chomhaontú maidir le ríomh mhéid deiridh an chúitimh chóir, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ábhartha, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill. Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal iomchuí an chúitimh chóir as na costais indíreacha mar thoradh ar an dlúthpháirtíocht a sholáthar a ríomh agus tabharfaidh sí tuairim fhíorasach laistigh de thrí 3 ó dháta an tarchuir chuig an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar tuairim fhíorasach den sórt sin a sholáthar, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis húdaráis inniúla ábhartha.

Féadfar síneadh 2 mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Rachfar i gcomhairle leis an mBallstát iarrthach agus tabharfaidh sé a thuairim ar thabhairt i gcrích an rialaithe ex post. Tar éis an Chomhairliúcháin leis an mBallstát iarrthach, tá an t-údarás a dhéanann an rialú ex post sin i dteideal ceartú ar mhéid an chúitimh a cheangal, agus tuairim an Bhallstáit iarrthaigh á tabhairt san áireamh. Déanfar conclúidí an rialaithe ex post sin a tharchur chuig an gCoimisiún, a chuirfidh san áireamh iad ina thuarascáil ar an éigeandáil de bhun Airteagal 14(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.