+Airteagal 20 Maolú
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 Maolú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta ná maidir leis an gCipir fad nach mbeidh aon ghás á sholáthar ar a gcríocha faoi seach. Maidir le Málta agus leis an gCipir, déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sna forálacha seo a leanas, agus na roghanna a mbeidh sé de cheart ag na Ballstáit sin a dhéanamh de bhun na bhforálacha sin, a chomhlíonadh agus déanfar sin laistigh den am a shonraítear arna ríomh ón dáta ar a sholáthrófar gás den chéad uair ar a gcríocha sin faoi seach:
(a)
i gcás phointe 5 d'Airteagal 2, Airteagal 3(2), Airteagal 7(5) agus phointe (a) d'Airteagal 14(6): 12 mhí;
(b)
i gcás Airteagal 6(1): 18 mí;
(c)
i gcás Airteagal 8(7): 24 mhí;
(d)
i gcás Airteagal 5(4): 36 mhí;
(e)
i gcás Airteagal 5(1): 48 mí.
D'fhonn an oibleagáid atá in Airteagal 5(1) a chomhlíonadh, féadfaidh Málta agus an Chipir na forálacha atá in Airteagal 5(2) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Na hoibleagáidí a bhaineann le hobair na ngrúpaí riosca dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 maidir le grúpaí riosca Chonair Gáis an Deiscirt agus an Mheánmhuir Thoir, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin amhail ón dáta a gcuirfear tús le céim thástála an mhórbhonneagair/na píblíne.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Fad go mbeidh rochtain ag an tSualainn ar ghás trí idirnaisc gáis ón Danmhairg go heisiach agus gurb é sin an t-aon fhoinse gáis atá aici agus gurb é an Danmhairg an t-aon soláthróir ionchasach dlúthpháirtíochta atá aici, beidh an Danmhairg agus an tSualainn díolmhaithe ón oibleagáid atá in Airteagal 13(10) socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chur i gcrích chun go soláthródh an tSualainn an dlúthpháirtíocht don Danmhairg. Ní dhéanfaidh sé sin difear don oibleagáid atá ar an Danmhairg an dlúthpháirtíocht a sholáthar agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a thabhairt i gcrích chun na críche sin de bhun Airteagal 13.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 6a go 6d maidir le hÉirinn, maidir leis an gCipir ná maidir le Málta fad agus nach bhfuil siad idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon Bhallstáit eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|