+Airteagal 4 Pleanáil straitéiseach agus comhordú beartais an speictrim raidió
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
|
Airteagal 4 Pleanáil straitéiseach agus comhordú beartais an speictrim raidió
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún sa phleanáil straitéiseach, sa chomhordú agus sa chomhchuibhiú ar úsáid an speictrim raidió san Aontas i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh, inter alia, gnéithe eacnamaíochta, sábháilteachta, sláinte, leasa phoiblí, saoirse cainte, gnéithe cultúrtha, eolaíocha, sóisialta agus teicniúla de bheartais an Aontais chomh maith le leasanna éagsúla na bpobal úsáideoirí speictrim raidió, agus é mar aidhm acu úsáid an speictrim raidió a bharrfheabhsú agus trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Trí obair i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit comhordú na gcur chuige beartais maidir leis an speictream raidió a chur chun cinn san Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha comhchuibhithe maidir le hinfhaighteacht agus éifeachtacht úsáid an speictrim raidió is gá chun margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 1, trí bhíthin RSPG, agus ar iarraidh uathu, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, chun tacú leis an bpleanáil agus leis an gcomhordú straitéiseach ar chur chuige beartais san Aontas maidir leis an speictream raidió, tríd an méid seo a leanas:
(a)
dea-chleachtais a fhorbairt maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió d'fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme;
(b)
an comhordú idir na Ballstáit a éascú d'fhonn an Treoir seo agus dlí eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh;
(c)
a gcur chuige a chomhordú i dtaca le húsáid an speictrim raidió a shannadh agus a údarú agus tuarascálacha nó tuairimí a fhoilsiú maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió.
Beidh BEREC rannpháirteach sna saincheisteanna i dtaca lena inniúlachtaí maidir le rialáil mhargaidh agus leis an iomaíocht a bhaineann le speictream raidió.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críche clár beartas ilbhliantúla an speictrim raidió a bhunú, lena leagtar amach na treonna agus na cuspóirí beartais le haghaidh phleanáil straitéiseach agus chomhchuibhiú úsáid an speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo, agus chun críche an speictrim raidió comhchuibhithe maidir le húsáid chomhroinnte nó maidir le húsáid nach bhfuil faoi réir cearta aonair a scaoileadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|