|
+Airteagal 20 1. |
Airteagal 20 1.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, gach faisnéis, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, atá de dhíth ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC chun comhréireacht le forálacha na Treorach seo, nó le cinntí, nó le tuairimí a glactar i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), a áirithiú. Go háirithe, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus, más gá chun na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, beidh an chumhacht freisin ag údaráis inniúla eile chun a cheangal ar na gnóthais sin go gcuirfí isteach an fhaisnéis a bhaineann le forbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na seirbhísí mórdhíola a chuireann siad ar fáil d'iomaitheoirí, agus beidh an chumhacht acu an ceangal céanna a chur ar fhaisnéis faoi líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara arna n-imdhealú ar an leibhéal áitiúil, ar faisnéis í a bhfuil dóthain sonraí inti chun go bhféadfaí an suirbhé geografach a dhéanamh agus limistéir a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. I gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír le go bhféadfadh na húdaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile agus BEREC na cúraimí rialála atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, féadfaidh gnóthais ábhartha eile an fhaisnéis sin a iarraidh, ar gnóthais iad atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha eile a bhfuil dlúthbhaint acu léi. Féadfar a cheangal ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu ar mhargaí mórdhíola sonraí cuntasaíochta a sholáthar freisin maidir leis na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola sin. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile faisnéis a iarraidh ó na pointí aonair faisnéise arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe Soláthróidh gnóthais an fhaisnéis sin arna iarraidh gan mhoill agus cloífidh siad leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí atá de dhíth. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|