+Airteagal 20 Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, gach faisnéis, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, atá de dhíth ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC chun comhréireacht le forálacha na Treorach seo, nó le cinntí, nó le tuairimí a glactar i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), a áirithiú. Go háirithe, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus, más gá chun na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, beidh an chumhacht freisin ag údaráis inniúla eile chun a cheangal ar na gnóthais sin go gcuirfí isteach an fhaisnéis a bhaineann le forbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na seirbhísí mórdhíola a chuireann siad ar fáil d'iomaitheoirí, agus beidh an chumhacht acu an ceangal céanna a chur ar fhaisnéis faoi líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara arna n-imdhealú ar an leibhéal áitiúil, ar faisnéis í a bhfuil dóthain sonraí inti chun go bhféadfaí an suirbhé geografach a dhéanamh agus limistéir a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.
I gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír le go bhféadfadh na húdaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile agus BEREC na cúraimí rialála atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, féadfaidh gnóthais ábhartha eile an fhaisnéis sin a iarraidh, ar gnóthais iad atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha eile a bhfuil dlúthbhaint acu léi.
Féadfar a cheangal ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu ar mhargaí mórdhíola sonraí cuntasaíochta a sholáthar freisin maidir leis na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola sin.
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile faisnéis a iarraidh ó na pointí aonair faisnéise arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE.
Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe
Soláthróidh gnóthais an fhaisnéis sin arna iarraidh gan mhoill agus cloífidh siad leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí atá de dhíth.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, an fhaisnéis ar fad don Choimisiún atá de dhíth uaidh chun a chuid cúraimí a chur i gcrích faoin CFAE. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le feidhmiú na gcúraimí sin. I gcás ina dtagróidh an fhaisnéis d'fhaisnéis arna soláthar ag na gnóthais cheana féin, ar iarraidh ón údarás, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin. A mhéid is gá, agus mura bhfuil iarraidh soiléir agus réasúnaithe ina choinne curtha isteach ag an údarás a sholáthraíonn an fhaisnéis, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna soláthar ar fáil d'údarás eile den sórt sin i mBallstát eile.
Faoi réir cheanglais mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an fhaisnéis arna tarchur chuig údarás amháin a chur ar fáil d'údarás eile den sórt sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile agus do BEREC, tar éis iarraidh réasúnaithe, i gcás ina bhfuil gá leis chun a cheadú do BEREC nó don údarás a chuid dualgas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 20 3.
|
I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile gur faisnéis rúnda atá i gceist le faisnéis arna bailiú de bhun mhír 1 i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i gcomhthéacs suirbhé geografaigh, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó den sórt sin cosc ar chomhroinnt faisnéise idir an t-údarás inniúil náisiúnta, an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann ar mhodh tráthúil chun athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus faoi réir na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó agus cosaint sonraí pearsanta, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus udaráis inniúla eile faisnéis a fhoilsiú a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na téarmaí a bhaineann le rochtain phoiblí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin a fháil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|