Áiritheoidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuairimí na n-úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na monaróirí, agus na ngnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cearta na n-úsáideoirí deiridh agus na dtomhaltóirí, lena n-áirítear an rochtain agus an rogha chomhionann d'úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, go háirithe i gcás ina mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, sásra comhairliúcháin, a bheidh in-rochtana ag úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar leasanna tomhaltóirí sa chumarsáid leictreonach ina gcinntí a bhaineann le cearta tomhaltóirí agus le cearta úsáideoirí deiridh maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.