Áiritheoidh na Ballstáit gona n-údaráis inniúla go n-eagrófar úsáid an speictrim raidió ina gcríocha ar bhealach nach gcuirfidh cosc le haon Bhallstát eile úsáid speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú ina gcríocha i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe de bharr trasnaíocht dhíobhálach trasteorann idir na Ballstáit.
Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na críche sin gan dochar dá n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha amhail Rialacháin Raidió ITU agus Comhaontuithe Réigiúnacha Raidió ITU.