I gcás inarb aidhm le beart beartaithe a chumhdaítear le hAirteagal 32(3) oibleagáid ar ghnóthas a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar agus Airteagal 61 á chur i bhfeidhm, nó Airteagal 67 á chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 69 go hAirteagal 76 agus Airteagal 83, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse aon mhíosa dá dtagraítear in Airteagal 32(3), fógra a thabhairt don údarás náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC faoina chúiseanna lena mheas go gcruthódh an dréachtbheart bac don mhargadh inmheánach nó a amhras tromchúiseach maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais. I gcás den sórt sin, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.
D'uireasa fógra den sórt sin, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh, agus lánaird á tabhairt aige ar aon bharúil ón gCoimisiún, ó BEREC nó ó aon údarás rialála náisiúnta eile.