+Airteagal 33 Nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
---+Airteagal 33 7.
---+Airteagal 33 8.
|
Airteagal 33 Nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
I gcás inarb aidhm le beart beartaithe a chumhdaítear le hAirteagal 32(3) oibleagáid ar ghnóthas a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar agus Airteagal 61 á chur i bhfeidhm, nó Airteagal 67 á chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 69 go hAirteagal 76 agus Airteagal 83, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse aon mhíosa dá dtagraítear in Airteagal 32(3), fógra a thabhairt don údarás náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC faoina chúiseanna lena mheas go gcruthódh an dréachtbheart bac don mhargadh inmheánach nó a amhras tromchúiseach maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais. I gcás den sórt sin, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.
D'uireasa fógra den sórt sin, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh, agus lánaird á tabhairt aige ar aon bharúil ón gCoimisiún, ó BEREC nó ó aon údarás rialála náisiúnta eile.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, oibreoidh an Coimisiún, BEREC agus an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann i gcomhar go dlúth le chéile chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, agus lánaird á tabhairt acu ar dhearcadh na rannpháirtithe sa mhargadh agus ar an ngá atá leis an bhforbairt ar chleachtas comhsheasmhach rialála a áirithiú.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Laistigh de shé seachtaine ó thús na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh BEREC tuairim a eisiúint maidir le fógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin. Luafaidh an tuairim sin cúiseanna agus cuirfear í ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Más rud é, ina thuairim, go bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, oibreoidh BEREC i gcomhar leis an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a aithint. Roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta:
(a)
a dhréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus lánaird á tabhairt aige ar fhógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 agus ar bharúil BEREC; nó
(b)
a dhréachtbheart a choimeád.
|
|
Airteagal 33 5.
|
Laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC más ann don tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún:
(a)
moladh a eisiúint lena gceanglaítear ar an údarás náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar, ar moladh é ina bhfuil tograí ar leith chun na críche sin agus mínithe lena dtugtar údar dá mholadh, go háirithe i gcás nach bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún.
(b)
cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1; nó
(c)
i gcás dréachtbhearta a thagann faoin dara fomhír d'Airteagal 61(3) nó faoi Airteagal 76(2), cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, ag gabháil le hanailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna a bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an dréachtbheart a ghlacadh, maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(7) mutatis mutandis.
|
|
Airteagal 33 6.
|
Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an moladh a eisiúint i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5 nó a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an beart críochnaitheach arna ghlacadh a chur in iúl don Choimisiún agus do BEREC.
Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin chun a chur ar a chumas don údarás rialála náisiúnta dul i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.
|
|
Airteagal 33 7.
|
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta gan an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar de bhun moladh arna eisiúint faoi phointe (a) de mhír 5, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin.
|
|
Airteagal 33 8.
|
Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart molta a tharraingt siar ag aon chéim den nós imeachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|