|
+Airteagal 33 5. |
Airteagal 33 5.Laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC más ann don tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún:
(a)
moladh a eisiúint lena gceanglaítear ar an údarás náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar, ar moladh é ina bhfuil tograí ar leith chun na críche sin agus mínithe lena dtugtar údar dá mholadh, go háirithe i gcás nach bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún.
(b)
cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1; nó
(c)
i gcás dréachtbhearta a thagann faoin dara fomhír d'Airteagal 61(3) nó faoi Airteagal 76(2), cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, ag gabháil le hanailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna a bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an dréachtbheart a ghlacadh, maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(7) mutatis mutandis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|