+CAIBIDIL II Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió
---+Airteagal 35 Próiseas an athbhreithnithe piaraí
------+Airteagal 35 1.
------+Airteagal 35 2.
------+Airteagal 35 3.
------+Airteagal 35 4.
------+Airteagal 35 5.
------+Airteagal 35 6.
------+Airteagal 35 7.
------+Airteagal 35 8.
------+Airteagal 35 9.
---+Airteagal 36 Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió
---+Airteagal 37 Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

CAIBIDIL II Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió

CAIBIDIL II Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 Próiseas an athbhreithnithe piaraí
Airteagal 36 Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió

Airteagal 36

Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió

I gcás inar comhchuibhíodh úsáid an speictrim raidió, inar aontaíodh coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain, agus inar roghnaíodh na gnóthais a sannfar an speictream raidió dóibh i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus le dlíthe an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na cearta úsáide don speictream raidió sin a dheonú i gcomhréir leis sin. Ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha náisiúnta ar fad a bhaineann le ceart úsáide an speictrim raidió lena mbaineann i gcás nós imeachta roghnúcháin coiteann, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha breise ná aon chritéir ná nósanna imeachta breise lena ndéanfaí cur chun feidhme ceart an chomhshannaithe don speictream raidió sin a shrianadh, a athrú nó moill a chur air.

Airteagal 37 Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

Airteagal 37

Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

Féadfaidh dhá Bhallstát, nó roinnt Ballstát, oibriú i gcomhar le chéile agus le RSPG agus aon spéis a léirigh na rannpháirtithe margaidh a chur san áireamh, trí na gnéithe coiteanna de phróiseas údaraithe a bhunú go comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an bpróiseas roghnúcháin a chur i gcrích go comhpháirteach chun cearta úsáide aonair a dheonú do speictream raidió.

Agus an próiseas údaraithe chomhpháirtigh á cheapadh, féadfaidh na Ballstáit na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

cuirfidh na húdaráis inniúla tús leis na próisis údaraithe náisiúnta aonair agus cuirfidh siad na próisis sin chun feidhme i gcomhréir le sceideal arna chomhaontú go comhpháirteach;

(b) 

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna agus le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a roghnú agus a dheonú i measc na mBallstát lena mbaineann;

(c) 

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna nó inchomparáide a cheangal leis na cearta úsáide aonair do speictream raidió idir na Ballstáit lena mbaineann, inter alia lena gceadaítear bloic speictrim raidió chomhchosúla a shannadh d'úsáideoirí;

(d) 

beidh sé ar oscailt do na Ballstáit eile, gach tráth, go dtí go mbeidh an comhphróiseas údaraithe curtha i gcrích.

I gcás, in ainneoin na spéise a léirigh na rannpháirtithe margaidh, nach ngníomhaíonn na Ballstáit go comhpháirteach, cuirfidh siad na rannpháirtithe margaidh sin ar an eolas faoi na cúiseanna atá lena gcinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.