|
+Airteagal 45 3. |
Airteagal 45 3.I gcás easpa éilimh náisiúnta nó idirnáisiúnta sa mhargadh chun banda a úsáid sa speictrim raidió comhchuibhithe, féadfaidh na Ballstáit úsáid mhalartach an bhanda ar fad, nó cuid de, a cheadú, lena n-áirítear an úsáid atá ann cheana, i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, ar choinníoll:
(a)
gur comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23 is bonn le heaspa éilimh chun banda den sórt sin a úsáid a bheith á fáil, lena n-áirítear measúnú réamhbhreathnaitheach ar éileamh an mhargaidh;
(b)
nach gcuirtear cosc ná bac ar infhaighteacht nó úsáid banda den sórt sin i mBallstáit eile leis an úsáid mhalartach sin; agus
(c)
go dtugann an Ballstát lena mbaineann lánaird ar infhaighteacht nó úsáid fhadtéarmach banda den sórt sin san Aontas agus ar bharainneacht scála do threalamh mar thoradh ar úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe san Aontas. Beidh aon chinneadh chun úsáid mhalartach a lamháil ar bhonn eisceachtúil faoi réir athbhreithniú rialta agus, déanfar athbhreithniú go pras air, ar aon chuma, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón úsáideoir ionchais don údarás inniúil chun an banda a úsáid i gcomhréir leis an mbeart cur chun feidhme teicniúil. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh, mar aon leis na cúiseanna atá leis, agus faoi thorthaí aon athbhreithnithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|