+Airteagal 45 Speictream raidió a bhainistiú
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
---+Airteagal 45 5.
---+Airteagal 45 6.
---+Airteagal 45 7.
|
Airteagal 45 Speictream raidió a bhainistiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Agus lánaird á tabhairt acu gur chun leas an phobail é an speictream raidió, a bhfuil luach sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4. Maidir leis an leithdháileadh chun údaruithe ginearálta a eisiúint nó cearta úsáide aonair don speictream raidió do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a dheonú d'údaráis inniúla, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, agus chomhréireacha atá i bhfabhar na hiomaíochta.
Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, urramóidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Rialacháin Raidió ITU agus comhaontuithe eile arna nglacadh laistigh de chreatlach ITU, is infheidhme maidir le speictream raidió, amhail an comhaontú ar thángthas air ag Comhdháil Radachumarsáide Réigiúnaí 2006, agus féadfaidh siad breithnithe maidir leis an mbeartas poiblí a chur san áireamh freisin.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Déanfaidh na Ballstáit úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ag líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur chun cinn ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an ngá atá le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú, agus chun buntáistí don tomhaltóir a bhaint amach amhail iomaíocht, barainneacht scála agus idir-inoibritheacht líonraí agus seirbhísí. Agus le linn dóibh déanamh amhlaidh, gníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir seo agus le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, inter alia, tríd an méid seo a leanas:
(a)
cumhdach leathanbhanda gan sreang ar ardcháilíocht agus ar ardluas a shaothrú dá gcríoch náisiúnta agus dá ndaonra, mar aon le cumhdach ar mhórbhealaí iompair náisiúnta agus ar bhealaí iompair an Aontais lena n-áirítear gréasán tras-Eorpach iompair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
(b)
forbairt mhear ar theicneolaíochtaí nua agus ar fheidhmchláir nua gan sreang san Aontas a éascú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur chuige trasearnála;
(c)
intuarthacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a athnuachan, a leasú, a shrianadh agus a tharraingt siar chun infheistíochtaí fadtéarmacha a chur chun cinn;
(d)
a áirithiú go gcoiscfear trasnaíocht dhíobhálach trasteorann nó náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 46 faoi seach, agus go nglacfar bearta réamhghabhálacha agus ceartaitheacha iomchuí chun na críche sin;
(e)
úsáid chomhroinnte speictrim raidió a chur chun cinn idir úsáidí comhchosúla nó difriúla den speictream raidió i gcomhréir le dlí na hiomaíochta;
(f)
an córas údaraithe is iomchuí agus lena mbaineann an t-ualach is lú agus is féidir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 46 ar bhealach ina méadaítear ar sholúbthacht, comhroinnt agus éifeachtúlacht maidir le húsáid speictrim raidió;
(g)
rialacha a chur i bhfeidhm maidir le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a aistriú, a athnuachan, a mhodhnú agus a tharraingt siar, a leagtar síos go soiléir agus go trédhearcach chun cinnteacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht rialála a ráthú;
(h)
comhsheasmhacht agus intuarthacht a shaothrú ar fud an Aontais maidir leis an mbealach a n-údaraítear úsáid speictrim raidió ó thaobh sláinte phoiblí a chosaint lena gcuirtear san áireamh Moladh 1999/519/CE.
Chun críche na chéad fhomhíre, agus i gcomhthéacs forbartha na mbeart cur chun feidhme teicniúla i gcomhair banda speictrim raidió a fhorbairt faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, féadfaidh an Coimisiún a iarradh ar RSPG moladh a éisiúint ina moltar an réimeas/na réimis údaraithe is iomchuí maidir le húsáid speictrim raidió sa bhanda sin nó i gcodanna de. I gcás inarb iomchuí, agus lánaird a thabhairt ar an tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh d'fhonn cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn san Aontas i ndáil leis na réimis údaraithe maidir le húsáid an bhanda sin.
I gcás ina mbeidh a mharana á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(1), (4), (5) agus (6), féadfaidh sé a iarraidh ar RSPG tuairim a thabhairt maidir le himpleachtaí aon chaighdeáin nó sonraíochta den sórt sin le haghaidh comhordú, comhchuibhiú agus infhaighteacht speictrim raidió. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim RSPG agus aon chéim á glacadh aige ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 45 3.
|
I gcás easpa éilimh náisiúnta nó idirnáisiúnta sa mhargadh chun banda a úsáid sa speictrim raidió comhchuibhithe, féadfaidh na Ballstáit úsáid mhalartach an bhanda ar fad, nó cuid de, a cheadú, lena n-áirítear an úsáid atá ann cheana, i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, ar choinníoll:
(a)
gur comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23 is bonn le heaspa éilimh chun banda den sórt sin a úsáid a bheith á fáil, lena n-áirítear measúnú réamhbhreathnaitheach ar éileamh an mhargaidh;
(b)
nach gcuirtear cosc ná bac ar infhaighteacht nó úsáid banda den sórt sin i mBallstáit eile leis an úsáid mhalartach sin; agus
(c)
go dtugann an Ballstát lena mbaineann lánaird ar infhaighteacht nó úsáid fhadtéarmach banda den sórt sin san Aontas agus ar bharainneacht scála do threalamh mar thoradh ar úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe san Aontas.
Beidh aon chinneadh chun úsáid mhalartach a lamháil ar bhonn eisceachtúil faoi réir athbhreithniú rialta agus, déanfar athbhreithniú go pras air, ar aon chuma, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón úsáideoir ionchais don údarás inniúil chun an banda a úsáid i gcomhréir leis an mbeart cur chun feidhme teicniúil. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh, mar aon leis na cúiseanna atá leis, agus faoi thorthaí aon athbhreithnithe.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sholáthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí, i gcomhréir le dlí an Aontais.
Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha teicneolaíochta do líonra raidió nó do rochtain gan sreang, ar teicneolaíochta iad a úsáidtear do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun:
(a)
trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;
(b)
sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus lánaird á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE;
(c)
cáilíocht theicniúil seirbhíse a áirithiú;
(d)
méadú ar chomhroinnt speictrim raidió a áirithiú;
(e)
úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú; nó
(f)
a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta i gcomhréir le mír 5.
|
|
Airteagal 45 5.
|
Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sheirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí i gcomhréir le dlí an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá le soláthar, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun ceanglas a chomhlíonadh faoi Rialacháin Raidió ITU.
Beidh bonn cirt le bearta lena gceanglaítear go ndéanfar seirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mbanda ar leith ar banda é atá ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, chun a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, agus gan a bheith teoranta dóibh:
(b)
comhtháthú sóisialta, réigiúnach nó críochach a chur chun cinn;
(c)
úsáid neamhéifeachtúil speictrim raidió a sheachaint; nó
(d)
éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a chur chun cinn, mar shampla seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse a sholáthar.
Ní fhéadfar foráil a dhéanamh maidir le beart lena gcuirtear bac ar aon seirbhís cumarsáide leictreonaí eile i mbanda ar leith ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis chun seirbhísí shábháilteacht bheatha an duine a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, an beart sin a leathnú chun cuspóirí leasa ghinearálta eile a chomhlíonadh arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 45 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar an ngá atá leis na srianta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, agus cuirfidh siad torthaí na n-athbhreithnithe sin ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 45 7.
|
Comhlíonfaidh na baic a bunaíodh roimh an 25 Bealtaine 2011 mír 4 agus mír 5 faoin 20 Nollaig 2018
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|