Éascóidh na Ballstáit úsáid speictrim raidió, lena n-airítear úsáid chomhroinnte, faoi údaruithe ginearálta agus cuirfidh siad teorainn le deonú ceart úsáide aonair i leith speictream raidió do chúinsí ina bhfuil gá leis na cearta sin chun úsáid éifeachtúil a fheabhsú i bhfianaise an éilimh, agus na critéir a leagtar amach sa dara fomhír á gcur i gcuntas. I ngach cás eile, déanfaidh siad na coinníollacha úsáide do speictream raidió a leagan amach in údarú ginearálta.
Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcóras is fearr chun úsáid speictrim raidió a údarú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
saintréithe sonracha an speictrim raidió lena mbaineann;
(b)
an gá le cosaint a thabhairt ar thrasnaíocht dhíobhálach;
(c)
coinníollacha iontaofa a fhorbairt do chomhroinnt speictrim raidió i gcás inarb iomchuí;
(d)
an gá cáilíocht theicniúil na cumarsáide nó na seirbhíse a áirithiú;
(e)
cuspóirí leasa ghinearálta, arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;
(f)
an gá úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú.
Agus iad ag meas cibé acu is ceart nó nach ceart údaruithe ginearálta a éisiúint nó cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe a dheonú agus bearta cur chun feidhme teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002 á gcur san áireamh, féachfaidh na Ballstáit le fadhbanna maidir le trasnaíocht dhíobhálach a laghdú, lena n-áirítear i gcás úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair.
I gcás inarb iomchuí, measfaidh na Ballstáit an bhféadfaí úsáid speictrim raidió a údarú ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair, agus na tionchair is dócha a bheadh aige sin ar iomaíocht, ar nuálaíocht agus ar iontráil sa mhargadh á gcur san áireamh, ar bhonn teaglamaí difriúla d'údaruithe ginearálta agus de chearta úsáide aonair agus ar bhonn aistrithe céim ar chéim ó chatagóir amháin go catagóir eile.
Féachfaidh na Ballstáit le srianta ar úsáid speictrim raidió a laghdú trí réitigh theicneolaíocha chun trasnaíocht dhíobhálach a bhainistiú a chur san áireamh mar is iomchuí chun go bhforchuirtear an córas údaraithe lena mbaineann an t-ualach is lú is féidir.