+Airteagal 52 Iomaíocht
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
|
Airteagal 52 Iomaíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1.
|
Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile iomaíocht éifeachtach chun cinn agus seachnóidh siad saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus cinneadh á dhéanamh acu chun cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo.
|
|
Airteagal 52 2.
|
Nuair a dhéanann na Ballstáit cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan, féadfaidh a n-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ach comhairle a fháil ón údarás rialála náisiúnta, bearta iomchuí a dhéanamh amhail na nithe seo a leanas:
(a)
teorainn a chur le méid na mbandaí speictrim raidió a ndéantar cearta úsáide a dheonú ina leith d'aon ghnóthas, nó nuair a bhíonn údar maith leis, coinníollacha a cheangal leis na cearta úsáide sin, amhail soláthar rochtana mórdhíola, fánaíocht náisiúnta nó réigiúnach, i mbandaí áirithe nó i ngrúpaí bandaí áirithe a bhfuil saintréithe cosúla acu;
(b)
cuid ar leith de bhanda speictrim raidió nó de ghrúpa bandaí a fhorchoimeád lena sannadh d'iontrálaithe nua, más iomchuí agus má bhíonn údar maith leis, maidir le cás sonrach sa mhargadh náisiúnta;
(c)
diúltú cearta úsáide nua do speictream raidió a dheonú nó diúltú úsáidí nua speictrim raidió a cheadú i mbandaí áirithe, nó coinníollacha a cheangal le deonú ceart úsáide nua do speictream raidió nó le húdarú úsáidí nua speictrim raidió, chun saobhadh iomaíochta trí bhíthin aon sannadh, aistriú nó carnadh ceart úsáide a sheachaint;
(d)
coinníollacha a áireamh lena dtoirmisctear nó lena bhforchuirtear coinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió a aistriú, ar cearta iad nach bhfuil faoi réir rialú cumaisc an Aontais nó rialú cumaisc náisiúnta, nuair is dócha go ndéanfar dochar suntasach don iomaíocht de bharr na n-aistrithe sin;
(e)
na cearta atá ann cheana a leasú i gcomhréir leis an Treoir seo i gcás inar gá sin chun saobhadh iomaíochta trí aon aistriú nó carnadh ceart úsáide do speictream raidió a leigheas ex post.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus coinníollacha sa mhargadh agus na tagarmharcanna atá ar fáil á gcur san áireamh, a gcinneadh a bhunú ar mheasúnú oibiachtúil agus réamhbhreathnaitheach arna dhéanamh ar choinníollacha maidir le hiomaíocht sa mhargadh, i dtaobh an bhfuil gá leis na bearta sin chun iomaíocht éifeachtach a chothabháil nó a bhaint amach, agus ar na tionchair is dócha a bheadh ag na bearta sin ar infheistíochtaí atá ann cheana agus ar infheistíochtaí amach anseo arna ndéanamh ag rannpháirtithe margaidh le haghaidh leathadh amach líonraí. Le linn dóibh an méid sin a dhéanamh, cuirfidh siad an cur chuige maidir leis an anailís mhargaidh, a leagtar amach in Airteagal 67(2), san áireamh.
|
|
Airteagal 52 3.
|
Agus mír 2 á cur i bhfeidhm acu, gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 18, 19, 23 agus 35.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|