|
+Airteagal 61 4. |
Airteagal 61 4.Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le gnóthais a sholáthraíonn nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla oibleagáidí a fhorchur ar na gnóthais sin i ndáil le comhroinnt bonneagair éighníomhaigh nó oibleagáidí chun comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a thabhairt i gcrích, sa dá chás, más gá go díreach chun na seirbhísí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a sholáthar ar bhonn áitiúil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar an gcoinníoll nach mbeidh aon bhealach inmharthana comhchosúil eile rochtana ar úsáideoirí deiridh ar fáil d'aon ghnóthas ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha. Is ceadmhach do na húdarás inniúla oibleagáidí den chineál sin a fhorchur ar choinníoll go ndearnadh foráil go soiléir don fhéidearthacht sin tráth a raibh na cearta úsáide do speictream raidió á ndeonú, agus i gcás gurb é ba údar leis na hoibleagáidí, agus sa chás sin amháin, go bhfuil imscaradh an bhonneagair lena soláthraítear líonraí nó seirbhísí sa limistéar atá faoi réir na n-oibleagáidí sin buailte ag baic dhosháraithe eacnamaíocha nó fhisiciúla, rud a fhágann gur fíorbheag rochtain — más ann di ar chor ar bith — atá ag úsáideoirí deiridh ar líonraí nó ar sheirbhísí. Más amhlaidh atá, nuair nach leor rochtain agus comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh féin chun dul i ngleic leis an gcás, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur maidir le bonneagar gníomhach a chomhroinnt. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar na nithe seo a leanas:
(a)
an gá nascacht a uasmhéadú ar fud an Aontais, feadh na mórbhealaí iompair agus go háirithe i limistéir chríochacha, agus an fhéidearthacht rogha níos mó agus cáilíocht seirbhíse níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh;
(b)
úsáid éifeachtach speictrim raidió;
(c)
an fhéidearthacht theicniúil nithe a chomhroinnt agus coinníollacha gaolmhara;
(d)
staid iomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar chomh maith le hiomaíocht atá bunaithe ar sheirbhís;
(e)
nuálaíocht theicneolaíoch;
(f)
an gá sárthábhachtach go dtacófaí leis an dreasacht atá ann don óstach feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an mbonneagar ar an gcéad dul síos. I gcás réiteach díospóide, féadfaidh na húdaráis inniúla, inter alia, an oibleagáid speictream raidió a chomhroinnt le hóstach an bhonneagair sa limistéar ábhartha a fhorchur ar thairbhí na hoibleagáide comhroinnte nó rochtana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|