+Airteagal 63 Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
|
Airteagal 63 Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 63 1.
|
I gcás ina gcuireann an Treoir seo ceangal ar údaráis rialála náisiúnta a chinneadh an bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag gnóthais i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 63 2.
|
Measfar go bhfuil cumhacht shuntasach ag gnóthas sa mhargadh, leis féin nó i gcomhar le gnóthais eile, má tá staid aige atá coibhéiseach le ceannasacht, eadhon staid eacnamaíoch láidir a thugann an chumhacht dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí, agus ar deireadh, ar a chuid tomhaltóirí.
Go háirithe, nuair a bheidh údaráis rialála náisiúnta ag measúnú an bhfuil cumhacht cheannasach ag dhá ghnóthas nó níos mó i gcomhpháirt le chéile i margadh, feidhmeoidh na húdaráis i gcomhréir le dlí an Aontais agus tabharfaidh siad lánaird ar na treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 64.
|
|
Airteagal 63 3.
|
I gcás ina mbíonn cumhacht sa mhargadh ag gnóthas i dtaca le margadh ar leith, féadfar é a ainmniú freisin ina ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach aige i dtaca le margadh eile neasghaolmhar, nuair is naisc iad na naisc atá idir an dá mhargadh lenar féidir cumhacht mhargaidh an mhargaidh ar leith a ghiaráil sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis agus cumhacht mhargaidh an ghnóthais a neartú dá réir. Dá réir sin, is ceadmhach leigheasanna lena ndírítear ar ghiaráil den chineál sin a chur i bhfeidhm sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis de bhun Airteagal 69, Airteagal 70, Airteagal 71, agus Airteagal 74.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|