|
+Airteagal 68 3. |
Airteagal 68 3.Ní dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí arna leagan síos in Airteagail 69 go 70 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ach amháin ar ghóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a)
Airteagal 61 agus Airteagal 62,
(b)
Airteagal 44 agus Airteagal 17 den Treoir seo, Coinníoll 7 i gCuid D d'Iarscríbhinn I mar a chuirtear i bhfeidhm de bhua Airteagal 13(1) den Treoir seo, Airteagail 97 agus 106 den Treoir seo agus na forálacha ábhartha de Threoir 2002/58/CE ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais seachas iad sin a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, nó
(c)
a riachtanaí atá sé gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, I gcásanna eisceachtúla, nuair a bheartaíonn údarás rialála náisiúnta oibleagáidí le haghaidh rochtana nó idirnasctha seachas iad sin a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh acu, seolfaidh sé iarratas chuig an gCoimisiún. Agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún cinntí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear údarás rialála náisiúnta nó lena gcoisctear ar údarás rialála náisiúnta bearta den sórt sin a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 118(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|