+Airteagal 68 Forchur, leasú nó tarraingt siar oibleagáidí
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.
---+Airteagal 68 6.
|
Airteagal 68 Forchur, leasú nó tarraingt siar oibleagáidí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 go 81 a fhorchur.
|
|
Airteagal 68 2.
|
Más rud é, mar thoradh ar anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67, go n-ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i margadh sonrach, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur mar is iomchuí. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, roghnóidh údarás rialála náisiúnta an bealach is lú cunórtas chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh san anailís mhargaidh.
|
|
Airteagal 68 3.
|
Ní dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí arna leagan síos in Airteagail 69 go 70 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ach amháin ar ghóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a)
Airteagal 61 agus Airteagal 62,
(b)
Airteagal 44 agus Airteagal 17 den Treoir seo, Coinníoll 7 i gCuid D d'Iarscríbhinn I mar a chuirtear i bhfeidhm de bhua Airteagal 13(1) den Treoir seo, Airteagail 97 agus 106 den Treoir seo agus na forálacha ábhartha de Threoir 2002/58/CE ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais seachas iad sin a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, nó
(c)
a riachtanaí atá sé gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh,
I gcásanna eisceachtúla, nuair a bheartaíonn údarás rialála náisiúnta oibleagáidí le haghaidh rochtana nó idirnasctha seachas iad sin a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh acu, seolfaidh sé iarratas chuig an gCoimisiún.
Agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún cinntí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear údarás rialála náisiúnta nó lena gcoisctear ar údarás rialála náisiúnta bearta den sórt sin a ghlacadh.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 118(3).
|
|
Airteagal 68 4.
|
Na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad:
(a)
bunaithe ar chineál na faidhbe arna sainaithint ag údarás rialála náisiúnta ina anailís mhargaidh, agus sainaithint an éilimh thrasnáisiúnta de bhun Airteagal 66 á cur san áireamh nuair is iomchuí;
(b)
comhréireach, ag féachaint, i gcás inar féidir, do na costais agus na sochair;
(c)
beidh údar cuí leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3; agus
(d)
arna bhforchur tar éis comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 32.
|
|
Airteagal 68 5.
|
I ndáil leis an gá atá ann gealltanais idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi chinntí oibleagáidí a fhorchur ar ghóthais, nó na hoibleagáidí sin a leasú nó iad a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32.
|
|
Airteagal 68 6.
|
Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta an tionchar a bheidh ag forbairtí margaidh nua, amhail i ndáil le comhaontuithe tráchtála, lena n-áirítear comhaontuithe comhinfheistíochta, a bhfuil tionchar acu ar an dinimic iomaíochta.
Mura bhfuil na forbairtí sin tábhachtach a ndóthain gur gá anailís mhargaidh nua i gcomhréir le hAirteagal 67, measúnóidh an t-údarás rialála náisiúnta gan mhoill an bhfuil sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a forchuireadh ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe sin a leasú, lena n-áirítear trí oibleagáidí a aistarraingt nó oibleagáidí nua a fhorchur, chun a áirithiú go leanfaidh na hoibleagáidí sin de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Ní fhorchuirfear na leasuithe sin nó go ndéanfar comhairliúchán i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 32.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|