Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí maidir le haisghnóthú costas agus rialú praghsanna a fhorchur, lena n-áirítear oibleagáidí le haghaidh treoshuíomh costas do phraghsanna agus oibleagáidí a bhaineann le córais chuntasaíochta costála, chun cineálacha sonracha idirnaisc nó rochtain sholáthar, i staideanna ina léiríonn anailís mhargaidh go bhféadfaidh an gnóthas lena mbaineann praghsanna a choimeád ar leibhéal ró-ard, nó go bhféadfadh sé praghsanna a fháisceadh, chun aimhleasa na n-úsáideoirí deiridh, toisc nach ann d'iomaíocht fhónta.
Agus cinneadh á dhéanamh acu an mbeadh na hoibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a riachtanaí atá sé an iomaíocht a chur chun cinn agus leasanna úsáideoirí deiridh san fhadtéarma a bhaineann le himscaradh agus glacadh líonraí den chéad ghlúin eile, agus go háirithe líonraí fíor-ardacmhainne, a chur san áireamh. Go háirithe, chun an gnóthas a spreagadh infheistíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear i líonraí den chéad ghlúin eile, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an infheistíocht a rinne an gnóthas san áireamh. I gcás ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil oibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, ceadóidh siad don ghnóthas ráta réasúnach toraidh ar an gcaipitil leormhaith a caitheadh, agus aon rioscaí atá sonrach do thionscadal líonra infheistíochta nua áirithe á gcur san áireamh.
Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta gan oibleagáidí a fhorchur nó a choimeád de bhun an Airteagail seo, i gcás ina suíonn siad go bhfuil srian inléirithe ar phraghas miondíola ann agus go n-áirithítear go n-áiritheofar rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe de bharr aon oibleagáidí arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 69 go hAirteagal 73, lena n-áirítear tástáil inmhacasamhlaithe eacnamaíche a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 70.
I gcás ina measann údaráis rialála náisiúnta gurb iomchuí oibleagáidí rialú praghsanna a fhorchur ar rochtain ar na heilimintí líonra atá ann cheana, cuirfidh siad san áireamh freisin na tairbhí a ghabhann le praghsanna intuartha cobhsaí mórdhíola ó thaobh bealach isteach éifeachtach sa mhargadh agus dreasachtaí leordhóthanacha a áirithiú do gach gnóthas chun líonraí nua agus feabhsaithe a imscaradh.