|
+Airteagal 76 1. |
Airteagal 76 1.I dtaca le gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, is ceadmhach dóibh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79 agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gealltanais a thabhairt tús a chur le himscaradh líonraí nua fíor-ardacmhainne ina bhfuil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitribh an úsáideora deiridh nó chuig an mbunstáisiún, chun comhinfheistíocht a dhéanamh, mar shampla, trí chomhúinéireacht nó comhroinnt riosca fadtéarmach a thairiscint trí chómhaoiniú nó trí chomhaontuithe ceannacháin as a n-eascraíonn cearta sonracha de chineál struchtúrach de chuid soláthraí eile líonraí nó seirbhísí cumarsáide. Nuair a dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar an ceanglais sin, cinnfidh sé go háirithe an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas chun an tairiscint comhinfheistíochta a dhéanamh:
(a)
beidh an tairiscint ar fáil tráth ar bith le linn saolré an líonra d'aon soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(b)
leis an tairiscint sin, chuirfí ar chumas na gcomhinfheisteoirí eile ar soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide iad, dul i mbun iomaíochta ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma i margaí iartheachtacha ina bhfuil an gnóthas ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gníomhach, ar théarmaí lena n-áirítear:
(i)
téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha lena dtugtar rochtain ar lánacmhainn an líonra a mhéid a bhfuil sé faoi réir comhinfheistíochta;
(ii)
solúbthacht i dtéarmaí luach agus uainiú rannpháirtíocht gach comhinfheisteora;
(iii)
an fhéidearthacht an rannpháirtíocht sin a mhéadú sa todhchaí; agus
(iv)
na cearta cómhalartacha arna mbronnadh ag na comhinfheisteoirí tar éis an bonneagar comhinfheistithe a imscaradh;
(c)
cuireann an gnóthas ar fáil don phobal é go pras agus, i gcás nach sásaíonn an gnóthas na tréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) sé mhí, ar a laghad, sula gcuirtear tús le himscaradh an líonra nua; féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin bunaithe ar na himthosca náisiúnta;
(d)
féadfaidh cuardaitheoirí rochtana ach nach bhfuil ag glacadh páirt sa chomhinfheistíocht tairbhe a bhaint as an gcáilíocht chéanna, an luas céanna, na coinníollacha céanna agus as an gclúdach céanna d'úsáideoirí deiridh mar a bhí ar fáil sula ndearnadh an t-imscaradh, ag gabháil le sásra a dhéanann oiriúnú le himeacht ama, arna dhearbhú ag an údarás rialála náisiúnta, i bhfianaise na bhforbairtí ar na margaí miondíola gaolmhara, lena gcoimeádtar na dreasachtaí a bheith rannpháirteach sa chomhinfheistíocht; áiritheofar le sásra den chineál sin go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí rochtana ar eilimintí fíor-ardacmhainne den líonra ag am agus ar bhonn téarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaithe lena léirítear go hiomchuí an méid riosca a thabhaíonn comhinfheisteoirí faoi seach ag céimeanna difriúla den imscaradh, agus cuirfidh siad san áireamh staid iomaíoch na margaí miondíola;
(e)
comhlíonann an tairiscint, mar íosmhéid, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déantar í de mheon lánmhaith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|