+Airteagal 76 Láimhseáil rialála eilimintí nua líonra fíor-ardacmhainne
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.
|
Airteagal 76 Láimhseáil rialála eilimintí nua líonra fíor-ardacmhainne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 76 1.
|
I dtaca le gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, is ceadmhach dóibh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79 agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gealltanais a thabhairt tús a chur le himscaradh líonraí nua fíor-ardacmhainne ina bhfuil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitribh an úsáideora deiridh nó chuig an mbunstáisiún, chun comhinfheistíocht a dhéanamh, mar shampla, trí chomhúinéireacht nó comhroinnt riosca fadtéarmach a thairiscint trí chómhaoiniú nó trí chomhaontuithe ceannacháin as a n-eascraíonn cearta sonracha de chineál struchtúrach de chuid soláthraí eile líonraí nó seirbhísí cumarsáide.
Nuair a dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar an ceanglais sin, cinnfidh sé go háirithe an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas chun an tairiscint comhinfheistíochta a dhéanamh:
(a)
beidh an tairiscint ar fáil tráth ar bith le linn saolré an líonra d'aon soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(b)
leis an tairiscint sin, chuirfí ar chumas na gcomhinfheisteoirí eile ar soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide iad, dul i mbun iomaíochta ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma i margaí iartheachtacha ina bhfuil an gnóthas ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gníomhach, ar théarmaí lena n-áirítear:
(i)
téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha lena dtugtar rochtain ar lánacmhainn an líonra a mhéid a bhfuil sé faoi réir comhinfheistíochta;
(ii)
solúbthacht i dtéarmaí luach agus uainiú rannpháirtíocht gach comhinfheisteora;
(iii)
an fhéidearthacht an rannpháirtíocht sin a mhéadú sa todhchaí; agus
(iv)
na cearta cómhalartacha arna mbronnadh ag na comhinfheisteoirí tar éis an bonneagar comhinfheistithe a imscaradh;
(c)
cuireann an gnóthas ar fáil don phobal é go pras agus, i gcás nach sásaíonn an gnóthas na tréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) sé mhí, ar a laghad, sula gcuirtear tús le himscaradh an líonra nua; féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin bunaithe ar na himthosca náisiúnta;
(d)
féadfaidh cuardaitheoirí rochtana ach nach bhfuil ag glacadh páirt sa chomhinfheistíocht tairbhe a bhaint as an gcáilíocht chéanna, an luas céanna, na coinníollacha céanna agus as an gclúdach céanna d'úsáideoirí deiridh mar a bhí ar fáil sula ndearnadh an t-imscaradh, ag gabháil le sásra a dhéanann oiriúnú le himeacht ama, arna dhearbhú ag an údarás rialála náisiúnta, i bhfianaise na bhforbairtí ar na margaí miondíola gaolmhara, lena gcoimeádtar na dreasachtaí a bheith rannpháirteach sa chomhinfheistíocht; áiritheofar le sásra den chineál sin go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí rochtana ar eilimintí fíor-ardacmhainne den líonra ag am agus ar bhonn téarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaithe lena léirítear go hiomchuí an méid riosca a thabhaíonn comhinfheisteoirí faoi seach ag céimeanna difriúla den imscaradh, agus cuirfidh siad san áireamh staid iomaíoch na margaí miondíola;
(e)
comhlíonann an tairiscint, mar íosmhéid, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déantar í de mheon lánmhaith.
|
|
Airteagal 76 2.
|
Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta, agus torthaí na tástála margaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo leis an ngealltanas comhinfheistíochta arna thairiscint, tabharfaidh sé an gealltanas ceangailteach sin de bhun Airteagal 79(3), agus ní fhorchuirfidh sé aon oibleagáidí breise de bhun Airteagal 68 maidir le heilimintí den líonra nua fíor-ardacmhainne atá faoi réir na ngealltanas, i gcás ina mbíonn comhaontú comhinfheistíochta déanta ag comhinfheisteoir ionchasach amháin leis an ngnóthas a ainmníodh mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar do láimhseáil rialála na dtosca nach gcomhlíonann na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo, agus torthaí aon tástáil mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, ach a bhfuil tionchar acu ar an iomaíocht agus a chuirtear san áireamh chun críocha Airteagail 67 agus 68.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, leigheasanna a fhorchur, a choimeád nó a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 68 go hAirteagal 74 ag féachaint do líonraí nua fíor-ardacmhainne chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra iomaíochta maidir le margaí sonracha i gcás ina suíonn an t-údarás rialála náisiúnta nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta seachas sin mar gheall ar shaintréithe sonracha na margaí sin.
|
|
Airteagal 76 3.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar bhonn leanúnach lena chinntiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus féadfaidh siad a cheangal ar an ngnóthas a ainmnítear mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ráitis bhliantúla maidir le comhlíonadh a chur ar fáil dóibh.
Beidh an tAirteagal sin gan dochar do chumhacht an údaráis rialála náisiúnta cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 26(1) sa chás ina mbeidh díospóid ann idir dhá ghnóthas maidir le comhaontú comhinfheistíochta a measann an t-údarás a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige.
|
|
Airteagal 76 4.
|
Tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, foilseoidh BEREC treoirlínte chun na húdaráis rialála náisiúnta a spreagadh na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a cur i bhfeidhm ar bhealach chomhsheasmhach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|