Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta, agus torthaí na tástála margaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo leis an ngealltanas comhinfheistíochta arna thairiscint, tabharfaidh sé an gealltanas ceangailteach sin de bhun Airteagal 79(3), agus ní fhorchuirfidh sé aon oibleagáidí breise de bhun Airteagal 68 maidir le heilimintí den líonra nua fíor-ardacmhainne atá faoi réir na ngealltanas, i gcás ina mbíonn comhaontú comhinfheistíochta déanta ag comhinfheisteoir ionchasach amháin leis an ngnóthas a ainmníodh mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar do láimhseáil rialála na dtosca nach gcomhlíonann na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo, agus torthaí aon tástáil mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, ach a bhfuil tionchar acu ar an iomaíocht agus a chuirtear san áireamh chun críocha Airteagail 67 agus 68.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, leigheasanna a fhorchur, a choimeád nó a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 68 go hAirteagal 74 ag féachaint do líonraí nua fíor-ardacmhainne chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra iomaíochta maidir le margaí sonracha i gcás ina suíonn an t-údarás rialála náisiúnta nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta seachas sin mar gheall ar shaintréithe sonracha na margaí sin.