Gnóthais atá ainmnithe mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gceann amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, tabharfaidh siad fógra don údarás rialála náisiúnta trí mhí ar a laghad roimh dóibh aon aistriú a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh dá gcuid sócmhainní líonra rochtana áitiúla nó cuid suntasach díobh chuig eintiteas dlíthiúil ar leith faoi úinéireacht éagsúil nó eintiteas gnó ar leith a bhunú chun táirgí rochtana atá go hiomlán coibhéiseach a chur ar fáil do gach soláthraí miondíola, lena n-áirítear a rannóga miondíola féin.
Cuirfidh na gnóthais sin an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas freisin faoi aon athrú a thiocfadh ar an intinn sin chomh maith le toradh deiridh an phróisis deighilte.
Féadfaidh na gnóthais sin gealltanais a thairiscint maidir le coinníollacha rochtana a bhfuil feidhm le bheith acu ar a líonra le linn tréimhse cur chun feidhme tar éis an cineál deighilte atá beartaithe a bheith curtha chun feidhme, d'fhonn rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach do thríú páirtithe a áirithiú. Áireofar sa tairiscint gealltanas dóthain sonraí, lena n-áirítear uainiú agus ré an chur chun feidhme, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann dul i mbun a chúraimí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar an tréimhse uasta d'athbhreithnithe margaidh arna leagan amach in Airteagal 67(5).