Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar éifeacht an idirbhirt atá beartaithe mar aon leis na gealltanais arna thairiscint i gcás inarb infheidhme maidir leis na hoibleagáidí rialála atá ann cheana faoin Treoir seo.
Chun na críche sin, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta anailís ar na margaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an líonra rochtana i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 67.
Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta aon ghealltanais a thairgeann an gnóthas san áireamh, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 go háirithe. Agus an méid sin á dhéanamh aige, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán le tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 23, agus tabharfaidh sé aghaidh go háirithe, ar na tríú páirtithe sin a ndéanann an t-idirbheart atá beartaithe difear dóibh.
Ar bhonn a chuid anailíse, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur, a chothabháil, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach inAirteagal 23 agus le hAirteagal 32, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, más iomchuí, Airteagal 80. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt. De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt, don tréimhse iomlán ina dtairgtear iad.