|
+Airteagal 79 2. |
Airteagal 79 2.D'fhonn aon ghealltanais arna dtairiscint ag gnóthas de bhun mhír 1 den Airteagal seo a mheasúnú, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, ach i gcás nach gcomhlíonann gealltanais den chineál sin ceann nó níos mó de na coinníollacha nó critéir ábhartha, tástáil mhargaidh, go háirithe maidir leis an téarmaí a thairgtear, trí dhul i mbun comhairliúchán poiblí le na páirtithe leasmhara go háirithe na tríú páirtithe sin a mbeidh tionchar díreach orthu. Féadfaidh comhinfheisteoirí nó cuardaitheoirí rochtana barúlacha a chur ar fáil maidir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 68, Airteagal 76 nó Airteagal 78 a bheith á gcomhlíonadh leis na gealltanais arna dtairiscint, mar is infheidhme, agus féadfaidh siad athrú a mholadh. Maidir leis na gealltanais atá á dtairscint faoin Airteagal seo, beidh aird faoi leith á tabhairt ag an údarás rialála náisiúnta, agus na hoibleagáidí de bhun Airteagal 68(4) á measúnú aige;
(a)
ar fhianaise maidir le cineál cothrom réasúnach na ngealltanas atá á dtairscint;
(b)
a oscailte atá na gealltanais a thugtar do na rannpháirtithe margaidh uile,
(c)
infhaighteacht thráthúil rochtana faoi choinníollacha cothroma réasúnacha agus neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne, sula seolfar seirbhísí miondíola gaolmhara; agus
(d)
leordhóthanacht fhoriomlán na ngealltanas atá á dtairscint iomaíocht inbhuanaithe a chumasú ar mhargaí iartheachtacha agus imscaradh agus cur in úsáid comhoibríoch líonraí fíor-ardacmhainne a éascú ar mhaithe le húsáideoirí deiridh. Agus na barúlacha ar fad a chuirtear in iúl sa chomhairliúchán á gcur san áireamh, agus a mhéid a gcuirtear seasamh na ngeallsealbhóirí éagsúla in iúl leis na barúlacha sin, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta a réamhchonclúidí in iúl don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige maidir le cibé acu an gcomhlíontar na cuspóirí, na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78 leis na gealltanais sin nó nach gcomhlíontar, mar is infheidhme, agus faoi na coinníollacha a bhféadfaidh sé machnamh a dhéanamh faoi na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach. Féadfaidh an gnóthas a chéadtairisicint a athbhreithniú chun réamhchonclúidí an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh agus d'fhonn na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78, mar is infheidhme, a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|