|
+Airteagal 79 3. |
Airteagal 79 3.Gan dochar don chéad fhomhír d'Airteagal 76(2), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh a eisiúint chun na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt. De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach ar feadh tréimhse shonrach, b'fhéidir an tréimhse iomlán a dtairgtear iad ina leith, agus i gcás na ngealltanas comhinfheistíochta a dhéantar ceangailteach de bhun Airteagal 76(2), an chéad fhomhír, déanfaidh sé na gealltanais sin ceangailteach ar feadh íostréimhse seacht mbliana. Faoi réir Airteagal 76, beidh an tAirteagal seo gan dochar d'fheidhmiú an nós imeachta um anailís mhargaidh de bhun Airteagal 67 agus d'fhorchur na n-oibleagáidí de bhun Airteagal 68. I gcás ina ndéanann an t-údarás rialála náisiúnta gealltanais cheangailteacha de bhun an Airteagail seo, measfaidh sé iarmhairtí an chinnidh sin d'fhorbairt mhargaidh faoi Airteagal 68 agus a iomchuí atá aon oibleagáid atá forchurtha aige nó, d'uireasa aon ghealltanais, a bheadh beartaithe aige a fhorchur seachas sin de bhun an Airteagail sin nó Airteagal 69 go hAirteagal 74. Agus fógra á thabhairt aige faoi dhréachtbheart ábhartha faoi Airteagal 68 i gcomhréir le Airteagal 32, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh maidir le gealltanais a chur leis an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|