Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a áirithiú go n-áireofar sa phróiseas díchoimisiúnaithe nó athionadaithe clár ama agus coinníollacha trédhearcacha, lena n-áirítear tréimhse chuí d'fhógra agus don idirthréimhse, agus go mbunófar leis an bpróiseas sin infhaighteacht táirgí malartacha de cháilíocht atá inchomparáide ar a laghad agus rochtain á tabhairt ar an mbonneagar líonra uasghrádaithe agus eilimintí eile a chur in áit na n-eilimintí athionadaithe más gá chun iomaíocht agus cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint.
Maidir leis na sócmhainní a mholtar a chur ó mhaith nó a athionadú, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na hoibleagáidí a tharraingt siar tar éis dóibh an méid seo a leanas a fhionnadh:
(a)
gur bhunaigh an soláthraí rochtana go soiléir na coinníollacha iomchuí le haghaidh ascnaimh, lena n-áirítear táirge rochtana malartach de cháilíocht atá ar a laghad inchomparáide a chur ar fáil lena gcumasaítear na húsáideoirí deiridh céanna a shroicheadh, mar a bhí ar fáil nuair a bhí an bonneagar leagáide á úsáid; agus
(b)
gur chloígh an soláthraí rochtana leis na coinníollacha agus leis an bpróiseas a cuireadh ar fáil don údarás rialála náisiúnta i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Déanfar an tarraingt siar sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.