+Airteagal 86 Infhaighteacht seirbhíse uilíoch
---+Airteagal 86 1.
---+Airteagal 86 2.
---+Airteagal 86 3.
---+Airteagal 86 4.
---+Airteagal 86 5.
|
Airteagal 86 Infhaighteacht seirbhíse uilíoch
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86 1.
|
I gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát, agus torthaí, nuair is ann dóibh, an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus aon fhianaise bhreise i gcás inar gá, á gcur san áireamh, nach féidir a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) ná seirbhís cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála ná trí uirlisí beartais phoiblí ionchasacha eile ar a chríoch náisiúnta nó i gcodanna difriúla di, féadfaidh sé oibleagáidí seirbhíse uilíche iomchuí a fhorchur chun freastal ar gach iarratas réasúnta ó na húsáideoirí deiridh chun na seirbhísí sin a rochtain sna codanna ábhartha dá chríoch.
|
|
Airteagal 86 2.
|
Cinnfidh na Ballstáit an cur chuige is éifeachtúla agus is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil ag suíomh fosaithe, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n-urramú. Féachfaidh na Ballstait le saobhadh margaidh a íoslaghdú, go háirithe soláthar seirbhísí ag praghsanna a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála nó faoi réir téarmaí agus coinníollacha a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála, agus leas an phobail á choimirciú.
|
|
Airteagal 86 3.
|
Go háirithe, i gcás ina gcinnfidh Ballstáit oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda, mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil d'úsáideoirí deiridh ag suíomh fosaithe, féadfaidh siad gnóthas amháin nó níos mó a ainmniú chun a ráthú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar fud na críche náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit gnóthais éagsúla nó tacair gnóthas a ainmniú chun seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe nó codanna éagsúla den chríoch náisiúnta a chumhdach.
|
|
Airteagal 86 4.
|
Nuair a ainmníonn Ballstáit gnóthais i gcuid den chríoch náisiúnta nó sa chríoch ar fad chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo ar fáil, déanfaidh siad amhlaidh trí fheidhm a bhaint as sásra ainmniúcháin éifeachtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas nach n-eisiatar a priori aon ghnóthas a bheith ainmnithe. Déanfaidh na modhanna ainmniúcháin sin a áirithiú go soláthraítear seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhís cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe ar bhealach cost-éifeachtach agus féadfar iad a úsáid mar bhealach chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 89.
|
|
Airteagal 86 5.
|
Nuair atá sé ar intinn ag gnóthas atá ainmnithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo cuid shuntasach dá shócmhainní líonra rochtana áitiúla nó iad ar fad a dhiúscairt chuig eintiteas dlíthiúil ar leithligh faoi úinéireacht éagsúil, cuirfidh sé é in iúl go tráthúil roimh ré don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile, d'fhonn é a chur ar chumas an údaráis sin éifeacht an idirbhirt bheartaithe maidir le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe a mheasúnú. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile oibleagáidí sonracha a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 13(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|