+Airteagal 93 Acmhainní uimhrithe
---+Airteagal 93 1.
---+Airteagal 93 2.
---+Airteagal 93 3.
---+Airteagal 93 4.
---+Airteagal 93 5.
---+Airteagal 93 6.
---+Airteagal 93 7.
---+Airteagal 93 8.
|
Airteagal 93 Acmhainní uimhrithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 93 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú na gceart úsáide do na hacmhainní uimhrithe náisiúnta go léir agus bainistiú na bpleananna uimhrithe náisiúnta a rialú agus go soláthróidh siad acmhainní uimhrithe leordhóthanacha chun na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar go poiblí. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunófar nósanna imeachta atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe náisiúnta a dheonú.
|
|
Airteagal 93 2.
|
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe ó na pleananna uimhrithe náisiúnta chun soláthar seirbhísí sonracha a dheonú do ghnóthais eile seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar choinníoll go gcuirtear ar fáil go leor acmhainní uimhrithe chun éileamh reatha agus éileamh sa todhchaí is intuartha a shásamh. Léireoidh na gnóthais sin a gcumas na hacmhainní uimhrithe a bhainistiú agus aon cheanglais ábhartha a leagtar amach de bhun Airteagal 94 a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú tuilleadh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe do na gnóthais sin a chur ar fionraí má léirítear go bhfuil baol ann go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.
Faoin 21 Meitheamh 2020 chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm leanúnach na míre seo, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, glacfaidh BEREC treoirlínte maidir le critéir choiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas acmhainní uimhrithe a bhainistiú agus an baol go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.
|
|
Airteagal 93 3.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a áirithiú go gcuirtear pleananna agus nósanna imeachta uimhrithe náisiúnta i bhfeidhm ar bhealach a thugann cóir chomhionann do gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus do na gnóthais sin is incháilithe i gcomhréir le mír 2. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh gnóthas ar ar deonaíodh an ceart úsáide d'acmhainní uimhrithe idirdhealú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile maidir leis na hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun rochtain a thabhairt ar a seirbhísí.
|
|
Airteagal 93 4.
|
Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile raon uimhreacha neamh-gheografacha ar fáil a fhéadfar a úsáid chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthair seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, ar fud chríoch an Aontais, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Airteagal 97(2) den Treoir seo. I gcás inar deonaíodh cearta úsáide, i dtaca le hacmhainní uimhrithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, do ghnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na seirbhísí sonracha ar ina leith a deonaíodh na cearta úsáide.
Déanfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla eile a áirithiú nach mbeidh na coinníollacha, a liostaítear i gCuid E d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis seo, don cheart úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar lasmuigh de Bhallstát an chóid tíre, mar aon le forfheidhmiú na gcoinníollacha sin, go mbeidh sin chomh dian céanna leis na coinníollacha gona bhforfheidhmiú is infheidhme do sheirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh den Bhallstát an chóid tíre, i gcomhréir leis an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 94(6), a áirithiú freisin go gcomhlíonann soláthraithe atá ag úsáid acmhainní uimhrithe a gcóid tíre i mBallstát eile rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha náisiúnta eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin in bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid. Tá an oibleagáid seo gan dochar do chumhachtaí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla na mBallstát sin.
Cabhróidh BEREC leis na húdaráis rialála náisiúnta /nó le húdaráis inniúla eile arna iarraidh sin dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe leis an mbainistiú éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais.
Chun go bhféadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile faireachán a dhéanamh ar a mhéad a chomhlíontar ceanglais na míre seo, bunóidh BEREC bunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais. Chun na críche sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile an fhaisnéis ábhartha chuig BEREC. I gcás nach hé an t-údarás rialála náisiúnta a dheonaíonn acmhainní uimhrithe lena ngabhann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas, rachaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as iad a dheonú i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta.
|
|
Airteagal 93 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gurb é an cód “00” an cód rochtana idirnáisiúnta caighdeánach. Féadfar socruithe speisialta chun an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a úsáid idir suíomhanna atá le hais a chéile thar theorainneacha idir Ballstáit a bhunú nó leanúint ar aghaidh leo.
Féadfaidh na Ballstáit comhaontú plean uimhrithe coiteann do na catagóirí uile nó do chatagóirí sonracha uimhreacha a chomhroinnt.
Cuirfear na húsáideoirí deiridh dá ndéanfadh socruithe nó comhaontuithe den sórt sin difear go hiomlán ar an eolas.
|
|
Airteagal 93 6.
|
Gan dochar d'Airteagal 106, cuirfidh na Ballstáit soláthar thar an aer chun cinn — i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil — chun malartú soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí a éascú, go háirithe soláthraithe agus úsáideoirí deiridh seirbhísí meaisín le meaisín.
|
|
Airteagal 93 7.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na pleananna uimhrithe náisiúnta, agus na breiseanna nó na leasuithe uile a cuireadh leo ina dhiaidh sin, faoi réir na dteorainneacha arna bhforchur ar bhonn slándáil náisiúnta, agus ar an mbonn sin amháin.
|
|
Airteagal 93 8.
|
Tacóidh na Ballstáit le comhchuibhiú uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha laistigh den Aontas i gcás ina gcuireann sé chun cinn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt seirbhísí uile-Eorpacha araon. I gcás inarb iomchuí, chun dul i ngleic le héileamh ar acmhainní uimhrithe ar bhonn uile-Eorpach, ar éileamh é nach bhfuiltear ag freastal air, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcomhchuibhítear uimhreacha sonracha nó raonta uimhrithe.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|