|
+Airteagal 93 4. |
Airteagal 93 4.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile raon uimhreacha neamh-gheografacha ar fáil a fhéadfar a úsáid chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthair seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, ar fud chríoch an Aontais, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Airteagal 97(2) den Treoir seo. I gcás inar deonaíodh cearta úsáide, i dtaca le hacmhainní uimhrithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, do ghnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na seirbhísí sonracha ar ina leith a deonaíodh na cearta úsáide. Déanfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla eile a áirithiú nach mbeidh na coinníollacha, a liostaítear i gCuid E d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis seo, don cheart úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar lasmuigh de Bhallstát an chóid tíre, mar aon le forfheidhmiú na gcoinníollacha sin, go mbeidh sin chomh dian céanna leis na coinníollacha gona bhforfheidhmiú is infheidhme do sheirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh den Bhallstát an chóid tíre, i gcomhréir leis an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 94(6), a áirithiú freisin go gcomhlíonann soláthraithe atá ag úsáid acmhainní uimhrithe a gcóid tíre i mBallstát eile rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha náisiúnta eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin in bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid. Tá an oibleagáid seo gan dochar do chumhachtaí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla na mBallstát sin. Cabhróidh BEREC leis na húdaráis rialála náisiúnta /nó le húdaráis inniúla eile arna iarraidh sin dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe leis an mbainistiú éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais. Chun go bhféadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile faireachán a dhéanamh ar a mhéad a chomhlíontar ceanglais na míre seo, bunóidh BEREC bunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais. Chun na críche sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile an fhaisnéis ábhartha chuig BEREC. I gcás nach hé an t-údarás rialála náisiúnta a dheonaíonn acmhainní uimhrithe lena ngabhann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas, rachaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as iad a dheonú i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|